Buaireamh an Phósta – Corn Uí Riada 2011
Amhránaí
Buaireamh an Phósta
Cúradh croí ar a phósadh ‘s ar bhuachaillí óga an tsaoil
Nár bhfearr daoibhe cailín deas cumtha nó bean a mbeadh puntaí léi
Oíche mhór shneachta nó shíobtha nár dheas a bheith ag súgradh léi
Seachas an cailín dubh buí ‘s a cuid puntaí agus í ag ceasnúil go géar.
Nach mise a bhí aoibhinn sásta, ag ragaireacht liom gan léan
Nó gur chuireas mo mhéar ins an fháinne, agus connóir ar chlár don chléir
Fuair mé an bhean a bhí i ndán domh, ach má fuair ní hí grá mo chroí
Ach cailín dubh buí a bhíos ag srannfaidh, is ag tarraingt an tsúisín léi.
Nuair a théim go tí faire ná tórraimh ‘sé fhiafras na hógánaigh dhíom
‘Caidé mar ar mothaíonn tú an pósadh nó an mothaíonn tú d’óige claoí
‘Sé dúirt agus deirim féin leofa go mothaíonn go mór faraor
‘S an mhéid acu ‘tá gan pósadh gur acu ‘tá spórt a’ tsaoil.
Ó rachaidh mé scileadh ‘s a chaitheadh go Baile na hIarr fhad siar
‘S bhéarfaidh mé ‘n ruaig sin go hÁrainn ‘s ar an ainnir a chráigh mo chroí
Dár a leoga mar rinneadh mo phósadh ní dóigh liom gur cealgadh mo chroí
‘S rachaidh mé arís na Róimhe nó go bhfaighidh mé cead pósta arís.
Dhéanfaidh mé cuilt do mo bhríste a mhairfeas le saol na bhfear
‘S ní bhainfidh mé an fheasóg sé díom nó go bhfásfaidh sí míle ar fad
Dá mbeinnse mar sin go dtí’n Díle chomh giobach le caora ghlas
Mura bhfaighidh mise bean ar an chaoi sin bhál fuigfidh mé’n saol ar fad.
Nuair a thigim na bhaile oíche Fhómhair i ndiaidh oibre móire an lae
‘Sé deireas mó chéile ins a’ chóirnéal gur duine gan fónamh mé
Líonann mo chroí lán do dhólás le linn ise ‘bheith carnadh bréag
Chá bheadh i dtús ann ach crónán, is faoi dheireadh an sceon gan chéill.
Och, nach mise nach ndéanfadh dícéille dá bhfaigheadh mo chéile bás
An oíche a d’fhuigfinn sa chré í chodlóinn féin mo sháith
Cheannóinn cúlaith mhaith éadaigh, hata agus léine bhán
Chuirfinn mo dhúil in sa phléisúir agus thogaidh díom buaireadh a lán.