Róisín Dubh – Corn Uí Riada 2024

Téamaí

Róisín Dubh

A Róisín ná bíodh brón ort fé’r éirigh dhuit:
Tá na bráithre ‘teacht thar sáile ‘s iad ag triall ar muir,
Gheobhaidh do phárdún ón bPápa is ón Róimh anoir ?
‘S ní spárálfar an fíon Spáinneach ar mo Róisín Dubh.

Mhairbh tú mé, a ?bhrídeach, is nárbh fhearrde dhuit,
Is tá m’anam istigh i ngean ort ‘s ní inné ná inniu;
Ó d’fhág tú lag marbh mé gan scéimh ná cruth
‘S ná déann feall orm ‘s tú mo leanbáinín glégeal dubh

A Róisín gheal mhómhar, is áilne gnaoi
Tá mór ghean agam fhéin ort, fríd lár mo chroí
Ná éalófá liom a chéadsearc agus fágadsa an tír
‘S má fhéadann mé ó déanfaidh mé báirín duit

Shiúlfainn a’ drúcht leat agus ciumhais na ngort
A’ súil go bhfaighinn sin uait agus páirt de do thoil
A chraobh álainn a dúirt liomsa, tá grá agam duit
‘S dhéanfainn cleas deas i gcúl a’ leasa le mo Róisín Dubh

Beidh an Éirne ‘na dtuilte tréana agus réabfar cnoic,
Beidh an fharraige ‘na dtonnta dearga agus doirtfear fuil
Beidh gach gleanntán ar fud Éireann is na móinte ar crith
Lá éigin sula n-éagfaidh mo Róisín Dubh