An Cailín Fearúil Fionn – Sean Nós

Téamaí

An Cailín Fearúil Fionn

Is dá mbeadh bó nó dhó ag mo stóirín,
Nach deas mar a sheolfainn iad,
Níorbh fhearr liom áit dá seolfainn iad
Ná amach ag Loch a’ Bhuí,
Mar is ann a dhearc mé an óigbhean
Go deo deo a bhris mo chroí,
‘S mura bhfaighidh mé í le pósadh,
Ní mhairfidh mé beo mí.

‘Gus a stóirín, ná bíodh buaireamh ort,
Sin brón ná briseadh croí,
Ná déanadh aon ní imní dhuit
Ach aer ‘gus spóirt an tsaoil,
Dá mba liomsa a bhfuil den ór bhuí
Faoi ghlas i gcomhraí an Rí,
Óra, is dhuitse féin a thabharfainn é
Mar is tú an cailín fearúil fionn.

‘S nach é an trua gan mé i m’éinín
Agus cleite ar chuile dhath,
Ó, threabhfainn ar fud na réigiúin
Ar thuairisc mo chailín deas,
Mar is deise i bhfad í ná Véineas
‘S ná a bhfuil de mhná faoin saol
‘S nach cuma céard a déarfas mo mhuintir liom
Is léi a phósfar mé?

‘S nach é an trua gan mé i Sasana
Agus mé i mo cheannaí snátha,
Mo stóirín a bheith in aice liom
‘S níorbh fhada liom an lá,
Mar d’íocfadh sí an reicneáil
Agus d’ólfainnse é go binn,
‘S nach snámhfainn páirt den fharraige mhór
Le mo chailín fearúil fionn.