Barr an tSléibhe – Sean Nós

Barr an tSléibhe

Is a Mháire tá díchéile ort mura dté tú liom ‘un a tsléibhe
Ná fág anseo liom fhéin mé go huaigneach ins an oíche,
Tá do theach breá á dhéanamh agus seomraí geala in éadan
Agus beidh muid ann go haerach mo léan ar bheagán cíos.

Is dá bhfeicfeá barr an tsléibhe nuair a bhíonn an ghrian ag éirí
Níl duibheagán sa spéir ann ná gangaid ins an ngaoth.
Tá na broic ar thaobh an léanna, tá an sionnach rua ar na péaca
Is an giorria ag boc-léimnigh le pléisiúr insa bhfraoch.

Tá úth na mba ag pléascadh ag teacht abhaile ‘géimneach
Is binn deas ceol na n-éan ann sna gleannta tíocht na hoíche
Tá an fear ‘s a bhean in éineacht go grámhar lena chéile.
Is an seanduine bheadh na céadta bliain níorbh fhada leis an oíche.

Tá coirce bán is eorna ann tá fataí ‘s rud go leor ann
Tá cuireadh ag lucht bóthair ann is  fáilte roimh gach n-aon
Tá O’Reilly seinm cheoil ann, tá fíon tá brandy ‘s beoir ann
I gcomhluadar daoine móra is an t-airgead dhá roinnt.

Tá an stil ag rith i gcónaí is baraillí á líonadh
Tá cead ag clann na ríthe bheith go síoraí ann ag ól
Tá an sagart ann is córtha dhá bhfaighfeá in aon deoise
Ó a Mháire glac mo chomhairle ó tar is éalaigh liom.