Deartháirín Óg Mo Chroí – Sean Nós

Téamaí

Deartháirín Óg Mo Chroí

Is cuimhneoidh mé chúns mhairfeas beo
Ar an mbaile i Ros a’ Mhíl
Is ar mo bhealach soir ag an scoil úd thall
Is an cúinne a mbínn i mo shuí
Ní raibh bróig ná stoca ar mo dhá choisín
Ach mo mhála ar mo dhroim
Is mé ag cuimhniú theacht abhaile arís
Ag deartháirín óg mo chroí.

Is nach iomaí oíche fhada bhreá
A chaith mé i Ros a’ Mhíl
Ar bheagán céille ar bharr na céibhe
Ag damhsa ‘s ag gabháil fhoinn
Bhíodar ann as Bearna siar go Carna
‘s as chuile cheard den tír
Is bhí an chlann uilig in éineacht ann
Agus deartháirín óg mo chroí.

Is nár bhocht an scéal ag mo Mháithrín é
An lá ar fhág mé an teachín tuí
Bhí an obair gann ‘s ní raibh a ghalún ann
Ach mo bhádóir i measc na n-imircigh
‘S nár bheag a cheap mé an mhaidin úd
Nach  bhfillfinn ar ais arís
Ach mé ag fágáil slán ag an talamh bán
‘s ag mo deartháirín óg mo chroí.

Sa gcurachín bheag chanbháis
A chaith mé tús mo shaoil
Ag tabhairt móin go hÁrainn is ar ais anall
‘S as sin soir go Bleá ’n Rí
Bhíodh mo Dheaide bocht is é báite fliuch
Ag láib ‘s an fheamainn bhuí
‘s mo Mháithrín thiar ag fanacht linn
Is le deartháirín óg mo chroí.

Théis leathchéad bliain ‘s ea chuaigh mé siar
Le go bhfeicfinn Inis Ní
Bhí an báidín báite is mo Dheaide caillte
‘s mo Mháithrín ar bheagán caoi
Bhí an tseanscoil leagtha ach na ballaí
Is ní aithneoinn na comharsannaí
Ach tá an teachín ann is an talamh bán
Agus deartháirín óg mo chroí.