An Sagairtín – Sean Nós na mBan 2016

Téamaí

An Sagairtín

Nach deas an sagairtín é stór mo chroí,
Nach beannaithe an pobal a dtéann sé thríd
Tá branda ó Mhuire aige ‘gus séala ó Chríost,
‘S tá sé a triall ar na coláistí.

Tá an oíche seo dorcha ‘gus tá sí fuar,
‘Gus tá sí ‘goilliúint ar mo chroí go crua
Mo stór a d’imigh uaim ‘s nach bhfuil agam le fáil,
‘S a bheas a’ goilliúint orm nó go bhfaighidh mé bás.

Ó tháinig mé aréir ag an doras úd thall
‘Gus ghlaoigh mé i gcogar ar mo mhíle grá
Séard a dúirt a hathair liom nach raibh sí ann
Mar go raibh sí imithe leis an mbuachaill bán.

Sé an trua gan mise is mo mhúirnín bán
Ar bhord na loinge goil anonn le fán
An taoille tuile ‘gus an taoille ag trá
‘S gan fios ag ár muintir go raibh muid ann.

Dhá mbeadh mo mháithrín ar nós bean tí
Ó chóireodh sí leaba dhom i gceann an tí,
Bheadh cead agam imeacht ‘gus a theacht arís
‘S a ghoil ar cuairt ag stór mo chroí.

Ó níl mé tinn agus níl mé slán,
‘Séard a dúirt mo mhuintir liom go bhfaighinnse bás
A Dhia is a Chríost, nach mór an feall,
A bheith i ngrá le mnaoi ‘s gan í a’m le fáil.

Ó éist a chailín deas ‘gus ná sil deoir,
Mar ní dhuitse a rugadh mé ná d’aon bhean beo
Ach baistfidh mé do leanbh dhuit le cúnamh Dé,
‘S dhá mbeadh breith ar m’aiféal a’m, ba leat mé fhéin.