Úna Dheas Ní Nia – Corn Uí Riada 2016

Téamaí

Úna Dheas Ní Nia

Dhá mbeinn mar a bhí mé lá eicínt, gan aois ná pianta cnámha
Ní choinneodh feara Fáil mé as an áit ina mbeadh mo mhian
Bheinn go síoraí ag dearcadh dealramh is gile deise is breáichte
Leis an méid a dtug mé grá dhi, rinne áras i mo chroí.

Cén t-ionadh na fir óga a bheith ag caint ar bhean i gcónaí
Nó súil le blas a póigín – ‘sí an ógh a bheannaigh Críost –
‘Do dhiaidh ní mhairfinn beo mí leis an méid a dtug mé grá dhuit
‘Sé mo léan gan mé is tú pósta, a Úna dheas Ní Nia.

An té a d’fheicfeadh í Dé Domhnaigh is í gléasta suas go cóiriúil,
Ba gheall leis an réalt eolais í is í goil romham amach sa tslí.
Ní baol seachmall ná ceo ar bith ó choíche ná go deo dhi,
‘S an ghrian níor scairt sí fós orm chomh mómhar le mo mhian.

Tá cúilín trilseach lánmhar fite i ngar dá cluasa.
Tá a dhá grua mar an rósa is an lile ag briseadh thríd,
Is fada ó gheobhadh na sluaite ó bás i ndiaidh mo stuaire,
Murach an áit ar cheap Dia lóistín dhi i dteorainn Inis Nia.

Is dhá mbeadh sí thuas in éifeacht in inmhe bheith ina céile
An t-am úd a raibh na Gréagaigh goil chun cogaidh leis an Traoi,
‘S bheadh Héilean gan aon éileamh is ní bhuailfeadh buille ar aon taobh
Is bheadh Páras ina ceann réitigh ag Úna dheas Ní Nia.

Is dhá mba liomsa a bhfuil i bPáras faoi chumhachtaí Bonaparte
Ó shaibhreas Rí na Spáinne is é a fháil ar fad le roinnt,
Níl pingin dhá mbeadh ar m’fháltas, nach dtabharfainn ina láimh dhi
Le súil gur mise an páirtí bheadh ag Úna dheas Ní Nia.