Píopa Ainde Mhóir – Corn Uí Riada 2009

Píopa Ainde Mhóir

Ó bhí mé oíche thiar i dTír a’ Fhia is mé ag tíocht ó cheol,
Chruinnigh an ceo i mo thimpeall ‘s níor léir dom aon tsórt,
Thabharfainn  lán an Bhíobla gur tornóg a bhí ar an gcaolach
Leis an deatach a bhí os mo chionnsa ag píopa Ainde Mhóir!

Is mo bheannacht le gaoth agat síos, a Ainde Mhóir,
Do mhac go dtige in inmhe is lao go raibh ag do bhó,
Mar is tusa rinne an píopa ba fairsinge a bhí  sa tír seo
Is ní chaithfear ráithe an gheimhridh nó go ndéanfaidh mé dhe spóirt!

Agus siúd í an bhean a líon é is ní le tuí é ná broimh,
Chuir sí naoi bpunt síos ann ‘gus píosa den duilleog,
Cailleachaí na tíre ó chruinnidís  ‘na thimpeall
Go gcaithidís ar fad fuílleach de phíopa Ainde Mhóir!

Is ag dul go hlnis Ní dhom le lucht caorach agus bó
Maidin gharbh gheimhridh ‘s é gaofarach go leor,
Ag dul trí Thonn Uí Fhloinn dhom thosaigh an bád ag líonadh
Is nár mhaith an galún taosctha dhéanfadh píopa Ainde Mhóir!

Ó bhí mé lá ar aonach i gCill Bhríde is mé ag ól,
Bhí comhluadar maith ‘mo thimpeall ‘s riar maith ag ceol,
Bhí beirt istigh as Muighinis ann ‘gus an stil mór acu líonta
Nuair a d’fhiafraigh an tseanbhean chríonna  b’shin é píopa Ainde Mhóir?’