Tógfaidh Mé Mo Sheolta – Corn Uí Riada 2013
Amhránaí
Téamaí
Tógfaidh Mé Mo Sheolta
Tóigfidh mé mo sheolta go Dúiche Sheoigheach ar maidin,
Ar cuairt ag mo mhíle stóirín is go deo deo ní chasfad,
Go dtaga bláth buí ar an eorna is go dtosaí an fómhar ag goil chun finne,
Nach breá deas an rud í an óige, i ndiaidh mo stóirín atá mise.
‘Mo dhílleachtín cráite sea fágadh mé gan athair,
‘S dá mbeadh mo chliú i ndán dom cér chás dhom a bheith folamh,
Níl aon fhear in Éirinn a dhéanfadh éagóir ar mo shamhail,
Nár dheacair dhó a leas a dhéanamh ná goil ar aon chor ag na flaithis.
Agus thuas i gciumhais an tsléibhe atá péarla deas a bhíonns mo mhealladh,
Ó buachaillín na gruaige báine a bhfuil fáinne óir faoina hata,
Agus gheall sé dhom go bpógfadh sé mo ros-bhéilín tanaí,
Ach ní léir dhom na bóithre le na deora do mo dhalladh.
Is tá fios ag na daoine gur iomaí smaoineamh crua deacair
A théann trasna thríd m’intinn gach oíche ar mo leaba,
Is más fortún atá i ndán dhom is nach bhfuil fáil agam a ghoil thairis,
Bí romham ag na crosbhóithrí is beidh muid pósta roimh an mhaidin.
Tá féar fada agus fásach i ngleanntán álainn i bhfad ó bhaile,
Tá úllaí ‘gus airní ag fás go hard ar bharr cranna,
Is cuma liomsa céard déarfas aon fhear, ní hé mo chéadsearc a dhéarfas tada,
Más í do mháithrín atá i do dhiaidh orm, fuil a croí amuigh ar leac an teallaigh.