Aonach Chill Díseart – Sean Nós na bhFear 2013

Maidin bog aoibhinn ‘s mé ar Shráid Chill Díseart
Le scata breá caorach is cúpla bó,
Chun bheist agus bríste ‘cheannach don bhfear críonna
Tobac don mhnaoi aosta ‘gus buataisí nua,
Do dhíolas mo thréada ar fad lena chéile,
Na seafaidí maola chuaigh naoi bpúint is coróin
Bhí an bhrídóg is í ag gáirí is í a’ sodar lem’ shála
Níor fhág sí mo láthair go ndeaghaidh muid ag ól.

Thugas in airde í go seoimrín álainn
I gcúinne den aonach is ghlaoigh sí ar bheoir
Áit ‘na raibh aoibhneas, lionn ag gabháil timpeall
Amhráintí bhréa meidhreacha, rince ‘gus ceol.
D’ólas-sa sláinte na mná a bhí i láthair
Is an bhascailín álainn dá bhfaca riamh fós
‘Sí Peigí chiúin bhéasach ó Shráid Lios Uí Chéasaí
Is do snámhfainn an tSionainn fé dhéin dul ‘na treo.

Ó sí siúd an ainnir a chláródh an bhréid dom
Ar Shráid Lios Uí Chéasaí, gan mhairg, ná stró.
Bean ime, bean bainne, bean mhín ‘gus ghairbh
Bean stoca ‘gus léine, bean crúite na mbó
D’ólas-sa sláinte na mná a bhí i láthair
Is an bhascailín álainn dá bhfaca riamh fós
D’ólas mo chóta, mo bheist is mo léine,
Is do thánas abhaile gan stoca ná bróg

Nuair a thagaimse abhaile chun Peigí san oíche
Bíonn tine bhreá fhadaithe ansiúd ós mo chomhair.
Bíonn an citeal chomh meidhreach le cláirseach, nó faidhfe
Is gealann mo chroí nuair a chloisim an glór.
Nuair a éirím ar maidin is gléasaim mo chapall
Mo chéachta chun treafa is mé ag leathadh na bhfód
Níl Peigí gan cúram, na ba chun a gcrúite,
An chuigeann, ‘s an túirne, ‘s an leanbh ag ól.

Ach anois ó táim cortha is cloig ar mo shála
Beidh ciall agam feasta agus cloífead lem’ ghnó,
Beidh feirc ar mo hata ‘gus lán channaí d’óir agam,
Déanfaidh mé branar a réabadh ‘s a rómhar.
Beidh cruacha ‘gus stáca san áit ná raibh náda
Beidh talamh chun saothair is machaí breá bó,
Beidh Peigí ‘s a spré ‘gam is cuma ‘dén mhéid é;
Once down is no battle, beidh aimsir mhaith fós.