Cuisle mo Chroí – Amhráin is Ansa Liom

Cuisle mo Chroí

Do thugas grá cléibh duit, a spéirbhean ó thús,
ó léagas mo shúil ar do bhán-chnis,
Is go mb’fhearr liom ná mórchuid den ór
Atá im phunts go mbeifeá sa chúl tigh ag am’ mháithrín.
Bheadh do mhachaí breá bó ann romhatsa le crú,
is do leabaigh ghlan chóirithe ó ló agat id rúm,
Chuirfinn búclaí id bhrógaibh, luach coróineach is púnt,
a stóirín, dá dtabharfá do lámh dom.

Ní thabharfainn mo lámh duit go bráth le h-aon chúis,
mar go bhfuil scéala ort ansúd ag am’ mháithrín
Go bhfuair sí de thuairisc go suarach ar dtúis
– go n-ólfá do thriús i dtí’ ‘n tábhairne,
‘S gur mhinic do scór ort ó choróin go dtí púnt,
ag caitheamh do stór le mná óga gan chlú,
‘S taréis díol le fear ceoil ní bheadh feoirling id phúits,
is an dóigh leat cé thabharfadh bean bhreá dhuit?

Ná creidse na bréithre ga go léir atá ar siúl,
mar is annamh mo chuairt go tigh tábhairne,
Tá airgead im’ phócaí is mór-chuid de im’ thrúnc,
is níor ólas riamh púnt ar aon láthair.
Beidh a mhalairt de ghnó ‘gam sa bhFómhar atá chughainn,
ag cur garraithe prátaí ‘s a’ cur stácaí ar a mbonn
Is mo mhachaí ‘tá lán de bhuaibh bána
‘gus dubha,’s gan éinne á gcrú ach mo mháithrín.

Tá fear siopa in Eochaill is gheobhainn é gan púnt,
is is dóigh liom gurb é siúd ab fhearr liom,
A dhíolfadh as mo mháistreacht don ráithe seo chugainn,
is a dhia nach aige siúd a bheinn im’ scoláire.
Ach do thógas í in airde go lána bhí cúng,
ba ghairid ‘na dhéidh sin go raibh daor-phunch dá dtabhairt,
Ba mhóide í chun glaoití na éinne sa rúm,
is do dhíol sí go h-umhal as a dtáinig.

Ar maidin amárach le héirí na drúcht,
do scread sí ‘s do liúgh sí ar a máithrín,
Do fhliuch sí a cuid éadaigh le braonacha tiubh,
is do mhóidigh gur chuireas ar fán í.
Sé dúrtsa léi éisteacht is déanamh go ciúin,
go raghainn ag díol eornan go hEochaill na long,
Chuirfinn scataí breá caorach ar an aonach seo chugainn,
is go bpósfainn í i Londain gan spleáchas.

Ó do ritheas an bóthar is an cóngar ar dtús,
is ní bhfuaras in aon chúinne den tsráid é
Go dtánag go suarach fé thuairim a thí,
is bhí ionadh ar na daoine cárbh fhánag.
Dá mhéid mo chuid saothair, ní dúirt sé liom suí,
ná bain díot do chlóca go n-ólfair braon dí,
Ach an seanduine stuacach ar fhuarma ‘na shuí,
‘s gan ruainne ‘na phíp ach é a’ cnáideach.

Agus cár ghaibh na stácaí bhí timpeall do thí,
nó cár ghaibh do chaoire le n-áireamh
Nó cár ghaibh an eorna bhí in Eochaill le díol,
nó cár ghaibh do bha chiardhubha is bhána?
Ó bhísa chomh baoth sin is déanamh dod’ shlí,
imeoidh an méid sin sa spéir leis an ngaoth.
Ní phósfainn lem’ shaol thú dá dtéinn ar a’ bhflít,
ach mairfidh mé choíche ar mo shnáthaid.