Cuisle mo Chroí – Sean Nós na bhFear 2013

Do thugas grá cléibh duit, a spéirbhean ó thús,
Ó leagas mo shúil ar do bhán-chnis,
Is go mb’fhearr liom ná mórchuid den ór atá im phúits
Dá mbeifeá sa chúl tigh ag am’ mháithrín.
Go mbeadh do mhachaí breá bó ann romhatsa le crú,
Is do leabaigh ghlan choireach ó ló agat id rúm,
Chuirfinn búclaí id bhrógaibh, luach coróineach is púnt,
a stóirín, dá dtabharfá do lámh dom.

Ní thabharfainn mo lámh duit go brách le h-aon chúis,
Dúirt sí, mar go bhfuil scéala ort ansúd ag am’ mháithrín
Go bhfuair sí de thuairisc go suarach ar dtúis
Go n-ólfá do thriús i dtí’ ‘n tábhairne,
Gur mhinic do scór ort ó choróin go dtí púnt,
ag caitheamh do stór le mnáibh óga gan chlú,
‘S taréis díol le fear ceoil ní bheadh feoirling id phúits,
Is an dóigh leat cé thabharfadh bean bhreá dhuit?

Ná creidse na bréithre go léir atá ar siúl,
Mar is annamh mo chuairt go tigh an tábhairne,
Tá airgead im’ phócaí is mór-chuid de im’ thrúnc,
Is níor ólas riamh púnt ar aon láthair.
Beidh a mhalairt de ghnó ‘gam-sa an Fómhar atá chughainn,
Ag cur garraithe prátaí ‘s a’ cur stácaí ar a mbonn
Is mo mhachaí ‘tá lán de bhuaibh bána’gus dubha
‘S gan éinne á gcrú ach mo mháithrín.

Tá fear siopa in Eochaill is gheobhainn é gan púnt,
Is is dóigh liom gurb é siúd ab fhearr liom,
A dhíolfadh as mo mháistreacht don ráithe seo chugainn,
Is a dhia nach aige siúd a bheinn im’ scoláire.
Ach do thógas í in airde go lána bhí cúng,
Ba ghairid ‘na dhéidh sin go raibh daor-phunch dá dtabhairt,
Ba mhóide í chun glaoite na éinne sa rúm,
is do dhíol sí go h-umhal as a dtáinig.

Ar maidin amárach le héirí na drúcht,
Do scread sí ‘s do liú sí ar a máithrín,
Do fhliuch sí a cuid éadaigh le braonacha tiubh,
Is do mhóidigh gur chuireas ar fán í.
Sé dúirtsa léi éisteacht is déanamh go ciúin,
Go raghainn ag díol eornan go hEochaill na long,
Chuirfinn scataí breá caorach ar an aonach seo chughainn,
is go bpósfainn í i Londain gan spleáchas.

Ó do ritheas an bóthar is an cóngar anonn,
Is ní bhfuaireas in aon chúinne den tsráid é
Gur tháinig go suarach fé thuairim a thí,
Is bhí ionadh ar na daoine cárbh thánag.
Dá mhéid mo chuid saothair, ní dúirt sé liom suí,
ná bain díot do chlóca go n-ólfar braon dí,
Ach an seanduine stuacach ar fhuarma ‘na shuí,
‘S gan ruainne ‘na phíp ach é a’ cnáideach.

Agus cár ghaibh na stácaí bhí timpeall do thí,
Nó cár ghaibh do chaoire le n-áireamh
Nó cár ghaibh an eorna bhí in Eochaill le díol,
Nó cár ghaibh do bha chiardhubha is bána?
Ó bhíos-sa chomh baoth sin is déanamh dod’ shlí,
Imeoidh an méid sin sa spéir leis an ngaoth.
Ní phósfainn lem’ shaol thú dá dtéinn ar a’ bhflít,
Ach mairfidh mé choíche ar mo shnáthaid.