Amhrán Shéamuis Uí Chonchubhair – Sean Nós na bhFear 2025
Amhránaí
Amhrán Shéamuis Uí Chonchubhair
Is dhá bhfaighinnse culaith éadaigh a mbeadh ór ag sileadh léithe
As ucht dán a dhéanamh do thaobh Chlainne Gall
Ní bhfaighinnse in mo chloanta sliocht Liútair a mholadh ar aon chor
A d’iompaigh an láimh chleithe agus a thréig Mac na nGrást
‘S nárbh olc an charaid dhomsa tráth m’anam bheith dhá stiúradh
Chragaire don dúiche ar chuntar dá bhfaighinn
Mo chreideamh fhéin a phlúchadh mar a dhéanfadh mada dúchais
Is a bheith arís go cúthail in aimsir a’ cúntais a thabhirt ann.
Níor rugadh ‘gus ní bhéarfar do shagart ná do chléireach
An té a mbeadh a fios mo thréartha aige an tAon Fear seo amháin
‘S nach bhfuil cluiche ar bith dá thréine nár imríos uair is céad ann
Is an chíos an tráth a ghlaoitear ar go cinnte bím gann
An tríú peaca a léitear ó go doimhin i mo chlaonta
Dhá mbeinn chomh fada sléachta is bhí Éabh agus Ábh
‘S mara ndéanfaidh onóir Dé dhil a mhaitheanas uaidh fhéin dhom
Is é sin an cás nach féidir a réiteach go brách.
Siúd é an fear nár shantaigh a riamh, capall, bó ná caora,
Ná raibh ar bith dhá bhreátha; níor dhearna sé spóirt.
Níor chuir sé suim i mnaoi dá bhreátha cé gur daor mar a chuaigh a chlann air,
Ag tabhairt fuil a chroí mar a gheall orthu leis na grásta a thabhairt dóibh.
Ach an dream nár ghéill dhá mháthair is a dhearc ar chrann na páise é,
Ór a’ tsaoil is dhá fhaighinn é ní luíodh mo chroí leo,
Ach a Rí ’tá ar Neamh i bParthas ós agatsa atá na grásta
Nára chuire tú aon cheo ’na n‑aigne a chaillfeas dhóibh do ghlóir.
’Sí Máire an bhean nár smaoinigh ariamh ar pheacaí a dhéanamh
Ar nós na n‑úllaí aoibhinn toradh ar thaobh deas na gcrann.
Is gur fhás an brainse thríthe le solas a thabhairt daoibhse
Is gur beart de réir a saothair bhéas go cinnte againn le fáil.
Is a pheacachaí ná síligh gur anuas ón chine daonna,
A saolaíodh an leanbh Íosa a fuair aoibhneas na ngrást,
Is gur chaith an t‑athair naofa bliantaí cheithre mhíle
Le soitheach glan a dhéanamh a d’iompródh é trí ráithe.
Sí Mháire chúmhra ghléigeal, iníon Anna agus Jacob
Ba í is gile ná gath gréine théanns thrí China lá breá.
Náisiúin dhuit nach ngéillfidh diúltaíonn mé dá thréithre
Cúl mo chinn go héag leo is ní bheidh mé ina bpáirt
Mar is maighdean ghlan gan bhréag thú, Ban-Tiarna na domhain go léir thú
Ó m’impí ort is ná tréig mé in éiric mo cháin
A Mháire chóir an Aon Mhic, a fuair spídiúlacht ó Héaróid
Le fonn an cine daonna a thabhairt faoi shéala Rí na nGrást.
Is trua liom Luan an tsléibhe ag gach neach dár mheall an saol seo
Nuair a thiocas muid ag tabhalrt éiric dár dtréan Rí ins gach cás.
‘S an chuid acu dhá tréine nach iad atá gan réasún
Agus fios acu dhá mbuíochas go gcloantar an bás
An té is mó saibhreas shaolta nach beag dhó a théanns i gcré leis.
Ach scaoilteoigín gan éifeacht agus caol-chónra chláir
Is beidh an cholainn bhradach bhréagach ar cúl a cinn ag daolaí
‘S an t-anam bocht dá chéasadh ag tabhairt éiric ins gach cáin.