Gleann Cam – Sean Nós na mBan 2019

Gleann Cam

Aréir ar mo leabaidh go hatuirseach léanmhar
Go tuirseach tinn tré lag i ndiaidh mo chéad míle stór
Do bhí go modhail soineanta triopallach péarlach,
Go gcastar le maordha ‘s ba gheanúil a snó.
Bhí a ciabh léi ar baile-chrith ‘s a leacain mar réalthan
‘S dá d’téinnse dhá h-éileamh go minic sa ló.
‘Sé mo léan nach sa bhFrainc nó i Sasana an Bhéarla
Do cailleadh mé féin sar ar thánag ‘na treo.

Ní hí bean Chúl na Droman ná fós bean Maigh Chromtha
Ná bhean Áth a’ Teampaill atá taréis mo chroí a chrá
Bean Chill Mhuire ná bean Droichead Bandan
Ná mná bhaile Ghallda cé go mór iad le rá
Bean Shráid a’ Mhuilinn nó bean Ghleann na Laighne
Bean Bhéal a’ Mháma ná fuisire an Sheoigh
Bean Achadh Bolg ná bean Bhaile Chárthuainn
Ach bean atá in áit ná neosfad go fóill.

Ar mo ghabháil tríd an mbaile gurbh ainm Gleann Cam dó
Go moch maidin Domhnaigh roimh lá Nollag Mhór
Sea casadh orm ainnir gur chailleas mo mheabhair léi
Bhí soineanta modhail deas im’ choinnibh sa ród.
Do dhruideas ina h-aice is chuireas chun labhairt leí
Is cheapas gan amhras bheith ina fochair go fóill
‘A rún ghil ‘s a chumainn, ná druidfá-sa anall liom
Go dtabharfá gan chlampar dom cúpla póg’.

D’fhreagair an ainnir go feargach naimhdeach
“A dhuine, nach toghail a dhruideann tú im’ threo
Ná tair-se um aice mar gur deacair dom labhairt
Le dhuine dod’ shamhail a bhíonn ag teagasc na nóg.
Nach bhfuil fhios agatsa gur mór atá damanta
In Ifreann fann lag de dheascaibh ban óg
In éagmais go ndeirid go díomhaoin do dhream-sa
‘S ná tabharfá aon chabhair dom chun grafadh ná rómhar.

A rúin ghil ‘s a chumainn ná chreidse an ní sin
Mar tá fhios ag do mhuintir go ndéanfainn gach gnó
Do threabhfainn is d’fhuirsinn is do dhéanfainn an stáca
Do léimfinn páille dá ránódh im’ threo.
Do rincfinn, do rithfinn do bhréagfainn bean mhánla
Do scríobhfainn gan cháim dhá bhfaighinn peann im dhóid.
Is má théannse chugamsa go meathlódh mo scoláireacht
Tháimse gan spleáchas ábalta ar rómhar.

D’fhreagair an ainnir, ar ndóin bhí go náireach
Tuigim do chás a shárfhir gan smól.
Do dhruid sise liomsa is do thug a dá láimh dom
Is dúirt sí liom láithreach gur thaithin léi mo mheoin.
Dá bhfaighinn toil m’athar nó leathchead mo mháthar
Do phósfainn thú a ghrá sara dtagadh an Fómhar.
Do scar sise liomsa ‘gus mise go cásmhar
Is bhíos go dtí amárach ag síor sileadh deoir.

Do shiúlíos Corcaigh agus ceantar na Blárnan
Is níor stadas den stair sin go ndeigheas ar an gCóbh
Síos go Cluain Meala agus Tiobraid Árann
Do shiúlaíos a lán mór-thimpeall Ráth Mhór.
Ó tá fhios agaibh cheana go rabhas i gCionn tSáile
Ar bhruacha Cill Airne is gach áit eile dá shórt
Ó samhail ní fhaca i d’fhilleas ar m’áitreabh
Stadfad dem dhántaibh is ní déarfad níos mó.