Cath Chéim an Fhia – Sean nós na mban 2015

Téamaí

Cath Chéim an Fhia

Cois abhainn Ghleann an Chéime in Uíbh Laoghaire sea bhímse
Mar a dtéann an fia san oíche chun síor chodladh só
Ag machnamh seal liom féinig, ag déanamh mo smaointe.
Ag éisteacht i gcoilltibh le binn ghuth na n-eon
Nuair a chuala an cath ag teacht aniar is glór na n-each ag teacht leis síos
Le fuaim an airm do chrith an sliabh ‘s nár bhinn liom a nglór
Thánadar go namhadmhar mar thiocfadh garda de chonnaibh nimhe
Agus cumha mo chroí na sár-fhir d’fhágadar gan treoir.

Níor fhan fear, bean ná páiste i mbun áitrimh ná tí acu
Ná gártha goil do bhí acu ‘s na mílte olagón
Ag féachaint ar an ngarda go láidir ‘na dtimpeall
Ag lámhach ‘s ag líonadh ‘s ag scaoileadh ‘na dtreo
An liú gur leath i bhfad i gcéin; ‘sé dúirt gach flaith ‘nár mhaith leis triall
Gluaisíg go mear tá an cath dá riar agus téimís ‘na chóir
Thángadar na sár-fhir, guím áthas ar Chlanna Gael
Thiomáineadar na Pághánaigh le fánaig ar seol.

Ba ghairid dúinn go dtáinig an lámh láidir inár dtimpeall
Do sheol amach ár ndaoine go fíor mhoch faoin gceo
An Burrach ‘na bhumbáile acu, Barnett agus Beecher,
Hedges agus Faoitigh, is na mílte eile leo.
A Rí na bhFeart go lagfaidh iad gan chlú, gan mheas, gan rath, gan séan.
I dtinte teasa i measc na bpian gan faoiseamh go deo,
Céad moladh mór le hÍosa nár dhíolamar as an dtóir
Ach a bheith ag déanamh grinn de ‘s á insint ar só.

Do bhí Smith ar a thár in airde, ar ard leacan rí dhuibh,
Ba ghránna a bhí a ghní ‘s gan tinte ar a thóin
Nár bheire crídh is fearr iad an t-ál seo Chalbhinn choíche
Nár ghéill riamh do Chríost ach do phúimp is do phóit
Is acu atá an tslat, is olc í a riail i gcóistibh greanta is maith é a ngléas.
Gach sórt bia le caitheamh, fleadh agus féasta ag béaraibh ar bord
Gurbh é deir gach údar cruinn leo sara gcríochnaí deire an fhómhair.
Ins na leabhair so Pastorini go ndíolaid as an fós.

‘S a Chlanna Gaeil na n-Árann, ná stánaig is ná stríocaigh,
Is gearr anois gan mhoill go mbeidh críoch ar bhur gnó
Tógaíg suas bhur gcráiste tá an t-ál seo le díbirt,
Go hifreann á díriú i dtinteachaibh teo.
Bíodh bhur bpící glan i gceart ‘s i ngléas, téig chun cath ná fanaíg ‘siar,
Tá an chabhair ag teacht le toil ó Dhia agus léirigh na póir.
Sáigí isteach go dána, in áitreamh a dtáinig romhaibh
Is mithid daoibh é fháil tá ‘n cairde maith go leor.