A Sheáin, a Mhic Mo Chomharsan – Sean Nós na mBan 2017

A Sheáin, a Mhic Mo Chomharsan

Is a Sheáin, a mhic mo chomharsan,
Má tá tú goil a’ pósadh,
Is ní dhúirt mé fós leat, ná fág amach Tír an Fhia.
Tá airgead agus ór ann,
Tá cailíní go leor ann,
Agus b’iondúil cailín cóir deas nach ndéanfadh troid ná bruíon.

Is an fear a bhíos ró-náireach
Lena thíocht i láthair,
Ní thigeann leis an báire, is ní éireoidh leis an chraobh.
Ach an uair nach bhfuil tú sásta
Gan cúram bean ná páistí,
Ó éilimh roimh an gCáisc í, is ní bheidh tú i bhfad gan í.

Ó seas, is bí ar do gharda
Agus imir deas do chártaí,
Is mara gcastaí ort ach gasra de chailíní ‘na suí
Bheadh a’ déanamh grinn is spearáil,
Agus brú isteach sa gcarnán;
Ó is gearr go mbeidh tú ag áirneán, ‘s rachaidh mise faoi.

Is deas é do theach cónaithe,
Tá ‘n sonas ann i gcónaí,
Tá na seiftí agus lón ann is tú i ann a thíocht i dtír.
Níl an tiomáint a’ cur aon bhrón ort
Ar maidin ná tráthnóna,
Is beidh chuile shórt ar fónamh a’d agus an talamh ceannaithe saor.

Ach anois  tá tú in imní
Gan bhean a bheith ar do choimrí
‘S ní bhfaighidh tá an saol níos suaimhní ach chúns bhéas tú gann
Ach santaigh an bhean ar fónamh
A bhéas suáilceach i gcónaí,
Agus ríméad ort tráthnóna ‘gus an t-ádh ort lena linn.

Is má phósann tú an bháirseach
Beidh aiféala go brách ort
Óra díbreoidh sí do chairde ‘gus briseadh sí do chroí.
Ach coinnigh suas na drawers ort
Is ná tabhairt an péire is fearr dhi
Nó béarfaidh an saol gearr ort ‘s rachaidh mise faoi.