Tá na Páipéir Dá Saighneáil – Corn Uí Riada 2022

Téamaí

Tá na páipéir dá saighneáil

Tá na páipéir dhá saighneáil is tá na saighdiúir ag goil anonn.
Tá drumadóirín aoibhinn aerach Clanna Gael ag goil go tír na long.
Dá mbeadh agam is dhuitse a bhéarfainn céad is dhá mhíle bó,
Ar a chuntar is go mbeifeá i d’fhéirín liom go Contae Mhaigh Eo.

’S ar mo luí dhom ar mo leaba is í m’osna a bhíonn mór.
Is ar m’éirí dhom ar maidin is í mo phaidir mo dheoir.
’S tá gruaig mo chinn ag titim is ag imeacht mar an gceo,
’S le cumha i do dhiaidh, a mhíle stóirínn ní bheidh mé i bhfad beo

’S nuair a éirím-se amach go huaigneach is breathnaím uaim ar an gcnoc úd thall
Bím ag smaoineamh ar do chúilín dualach a d’fhág an chrua-arraing thrí mo lár.
Tá mo chroí istigh ina leaca gualdubh is fear mo thruaigh níl ach Rí na nGrást,
Is cibé cailín óg a bhéarfas uaim thú go síntear siar suas í i gcónra chláir.

Tá mo stocaí uilig stróicthe is tá mo phócaí gan pingin,
Tá mo nuachulaith phósta is é, mo léan géar, fós gan sníomh,
Tá fiacha i dteach an óil orm is níor ól mé ariamh braon,
Ach is é mo léan géar, a mhíle stóirín, gan mé is tú óg seal arís.

Nach aoibhinn do na héiníní a éiríonns go hard,
A bhíonns ag ceiliúradh lena chéile ar aon chraoibhín amháin.
Ach ní hé sin dhom fhéin é ná  mo chéad míle grá,
Mar is fada fánach óna chéile a bhíonns ár n-éirí gach uile lá.