Liam Ó Raghallaigh – Sean Nós na mBan 2018

Liam Ó Raghallaigh

An cuimhneach libh an lá úd a raibh an tsráid seo lán do mharcaigh
Ag sagairt ‘s ag bráithre ‘s iad ag trácht ar ár mbainis.
Bhí an fhidil ar chlár ann is an chláirseach dá spreagadh,’
‘S bhí triúr go na mná bána ann le mo ghrása a chur ar leaba.

I mo bhaintreach ‘s mo mhaighdean a fágadh mé go hóg,
Nuair a chuala sibh a chairde gur báthadh mo mhíle stór.
Is dhá mbeinnse sa mbád an lá sin is mo dhá láimh a bheith ar an scód,
Is gur m’fhocal dhuit a Bhean Uí Raghallaigh ba dheas a leigheasfainn do bhrón.

Is níor mhór liom do Liam Ó Raghallaigh a bheith ina chliamhain ag an rí.
Is cuirtíní geala glégeal ar gach taobh díot is tú i do luí.
Óra maighdean chiúin chéillí ag réiteach do chinn,
Is ó luadh muid go hóg le chéile is truaigh mar d’éag tú le mo linn.

‘S ní hionadh liom scéal cráite a bheith ag do mháthairín is ag t’athair,
Nó ag banaltra na gcíocha bána a bhíodh ag trácht ort is tú i do leanbh.
‘S ní áirím do bhean phósta nár chóirigh riamh do leaba.
Is nuair a shíl mé a bheith go do phósadh is ar tórramh a bhí an bhainis.

Tá do shúile ag na péiste is do bhéilín ag na portáin.
Is tá do dhá lámha gheala ghlégeal faoi ghéarsmacht na mbradán;
Chúig phunt a bhéarfainn don té a thógfadh mo mhíle grá
‘Sé mo léan thú a bheith i t’aonraic Neilí ghlégeal Nic Siúrtáin.

Is mo mhallacht go na saortha a rinne an bád.
Is nár aithris dhom fhéin é go raibh an t-éag ins na cláir
Is dá dtéinn-se go Coillte Eochaill ‘s an t-adhmad a cheannacht daor,
Is ní bháfaidh mo Liam Ó Raghallaigh ar chóstaí Malbay.