Casadh an tSúgáin – Sean Nós

Téamaí

Casadh an tSugáin

’S má bhíonn tú liom, bí liom os comhair lán an tí,
’S má bhíonn tú liom, bí liom de ló gheal is d’oíche,
’S má bhíonn tú liom, is gur liom gach orlach in do chroí,
’Sé mo thrua le fonn nach liom Dé Domhnaigh thú mar mhnaoi.

’Gus thíos i Sligeach sea chuir mise eolas ar na mná,
Is thiar insan mbaile sea a d’ól mise leo mo sháith,
Ar bhrí mo mhaide mura stopa sibhse feasta amhlaidh seal mar atá,
Go n-imreoidh mise cleas a bhainfeas siúl as na mná.

’Gus d’imir mise cleas Tigh Mhac Uí Dhomhnaill aréir,
’S an dara cleas sa teach a bhí go dlúth lena thaobh,
An tríú cleas, cén mhaith dhom é a chur i bhfad eile i scéal?
Chuir an chailleach amach mé i casadh an tsúgáinín féir.
 
Ach cé’n cat mara a chas isteach insan áit seo mé?
’S a liachtaí bean óg sa mbaile a d’fhág mé i mo dhiaidh?
Mar gheall ar throid is ar bhruíon is ar rud nár shantaigh é,
Seanbhó bhreac ’gus óinseach caillí a bhí gan chéill.
 
Ó chuirfinn ’gus threabhfainn ’gus chraithfinnse síol go domhain i gcré,
Nach seolfainnse ba san áit is airde a bhfásann féar,
Chuirfinn crú ar an each is lúfaire, is corraí, is airde a chaithfeadh léim,
’S nach bpósfaidh bean le fear nach ndéanfadh é sin fhéin?
  
’S dhá mbeadh spré ag an gcat nach deas lách mar a phógfaí a bhéal?
’Gus cat nach mbeadh nach fada ó bhaile a sheolfaí é?
Tá iníon na caillí piocaí, gliobaí, cataithe, pósta ó aréir,
’S tá mo ghrá-sa sa mbaile is gan duine aici a phógfadh a béal.

’S má bhíonn tú liom, bí liom os comhair lán an tí,
’S má bhíonn tú liom, bí liom de ló gheal is d’oíche,
’S má bhíonn tú liom, is gur liom gach orlach in do chroí,
’Sé mo thrua le fonn nach liom Dé Domhnaigh thú mar mhnaoi.