Eleanóir na Rún – Sean Nós

Téamaí

Eleanóir na Rún

Mo ghrá den chéad fhéachaint thú, ‘Eleanóir a  rún,
Is ort a bhímse a’ smaoineamh, tráth a mbím ar mo shuan
Mo chuid den tsaol is mo chéadsearc, is tú is deise ná ban Éireann,
A bhruinnillín deas óg, is tú is deise, is milse póg,
Chúns a mhairfeadsa beo, beidh cion a’m ort,
Mar is deas mar a sheolfainn gamhna leat,
’Eleanóir a rún.

’S tá bua aici go meallfadh sí na héanlaith ón gcrann,
’S tá bua eile aici go dtógfadh sí an corp fuar ón mbás,
’S tá bua eile aici nach ndéarfaidh mé
’S í grá mo chroí is mo chéadsearc,
A bhruinnillín deas óg, is tú is deise, is milse póg,
Chúns a mhairfeadsa beo, beidh cion a’m ort,
Mar is deas mar a sheolfainn gamhna leat,
’Eleanóir a rún