Carraig Aonair – Comórtas na bhFear 2025
Amhránaí
Carraig Aonair
Ó Luan dubh an áir tháinig suaimhneas róbhreá
Agus ghluaiseadar uaimse leath-uairín roimh an lá
Ag iascaireacht i mbád, ‘s iad a gcontúirt a mbá.
‘S go mbeidh iarsma na bliana úd ina ndiaidh go bhfaighead bás.
‘Sé Dónal mo mhaoin an té ab óige dem chlainn,
Agus coicís ón lá san a tháinig sé i dtír
Gan tapa, gan bhrí, gan anam ‘na chroí
Ach a ghéaga beaga gheala is iad leata ar a dtoinn.
‘Sé Cormac mo stór, ‘sé Rí na bhfear n-óg
A bhí modhúil maiseach múinte géarchumtha go leor.
Do scríobh sé ar a’ gcóir leis an mbúcla bhí ina bhróig
Gurbh í Carraig Aonair a chéile go deo.
Is tá duine eile dom chlainn nár thráchtas air puinn
Finín mo chúngracht, ceann cothaithe an tí.
Thugadh an fia leis ón gcoill is an bradán ón linn,
Fideoga dubh na tsléibhe is gan bhréag an chearc fraoigh.
Is a iníon óg mo chroí, ná goilse is ná caoin
Mar geobhaidh tú togha an nuachair a dhéanfaidh rómhar dhuit is crích
Ach ní bhfaigheadsa mo mhian, ná mo thriúr d’fhearaibh groí
Ná mo cheathrar bhreá brollaigh-gheal de lúbairibh groí.
’Sí an Nollaig seo chugainn an Nollaig gan fonn
Ar mo cheathrar breá brollaigh-gheal atá fé shruthaibh na dtonn.
‘S dá bhfaighinnse mo thriúr, ’tá go doimhin ins an úir,
Is ró-bhreá do chaoinfinn is shínfinn iad siúd.
Ó is a chlann óg mo chroí, nó an cuimhin libh mar a bhí?
Bhur n-athairín bocht fhéinig ag géarghol is ag caoi
‘Na chuaille throm críonna i gcúil fuar an tí
Is bhur ndlúthchairde fhéinig ag cásamh mar a bhím.
Nuair a théimse ar an gclaí, is nuair a fhéachaim uaim síos,
Nuair a chím Carraig Aonair, sea phléascann mo chroí.
Is ar ais dhom arís go mullach mo thí,
Ós is í Carraig Aonair is céile dhom chlainn.