A Phaidí a Ghrá – Amhráin is Ansa Liom

Amhránaí

Téamaí

A Phaidí a Ghrá

Ó’s a Phaidí a ghrá má d’imigh tú go dtige tú slán
Char imigh tú nó gur lagaigh tú an croí a bhí i mo chliabh
Dá mbíodh coite agamsa a d’iomróchadh do dhiaidhsa long ná bád
‘S go bhfuil an fharraige ‘na tonna gorma agus ní féidir domh snámh.

Tá na deora seo a’ déanamh ródaí ar achan taobh de mo ghruaidh
Tráthnóna Dé Domhnaigh is ar maidin Dé Luain.
Nuair a smaointím ar an té údaí a bhí agam inniu ná inné
‘S go bhfuil mo sweetheart i bhfad ó bhaile is gur fhág sé mise liom fhéin.

Ó’s a Phaidí cad tuige nach dtáinig tú aniar faoi choim
Ag amharc  ar do sweetheart a bhí ina luí go breoite tinn
Nuair a shíl mé í fháil sa bhaile romham ina suí
‘Sé a fuair mé druidte i dtalamh í i gcónair chaol.

I mBaile an Chaisleáin chois Lochair chodlaíos grá geal mo chroí
Ná ar a’ bhaile údaí eile tá síos lena thaobh
Tá súil is aon Mhic Mhuire agam agus grásta aon Mhic Dé
Go gcodlóidh mé i lóchar in ascaill ghrá geal mo chléibh.

Ó’s a Phaidí cad tuige ar thréig tú mé mar gheall ar mhnaoi ná le stór
‘ Phaidí cad tuige ar thréig tú mé mar gheall ar chíos nó le hór
‘ Phaidí do ghrua buí daite is do bhéilín binn
‘S go dté mé i dtalamh go mbeidh cuimhne agam ar do chomhrá liom.