Líontar Dúinn an Crúiscín – Corn Uí Riada 2013

Amhránaí

Téamaí

Líontar Dúinn an Crúiscín

A bhuachaillí, a bhuachaillí ó molaim sibh go síoraí,
Sibh’ thógfadh croí na gcailín ‘s chuirfeadh gnaoi ar chruinniú daoine,
Nuair a smaointím ar na scafairí ‘s iad cruinn ar Ard an Aonaigh,
A’ caochadh ar na streabhógaí ‘s a’ cogarnaigh go síodúil,
Is líontar dúinn a’ crúiscín is bíodh sé lán.

Isteach go tigh a’ leanna libh a chailíní na dílse,
Braon de shú na braich’ a chuirfeas mothú in bhur gcroí istigh,
Ólfaimid is ceolfaimid is beimid seal go siamsach,
Ó beimid súgach meanmnach agus pleoid ar bhuaireamh ‘n tsaoil seo,
Is líontar dúinn a’ crúiscín is bíodh sé lán.

B’ ann a bhíodh a’ chuideachta a’ teacht ‘ na ‘ bhaile ón aonach,
A’ gealgháirí ‘s a’ priollaireacht ‘s a’ feitheamh le’ ár mian ‘fháil,
‘S fá dheireadh théadh gach scafaire ‘r ghreim sciatháin lena chaoinbhean,
Síos fá mhalaigh raithní ‘s iad a’ portaíocht go croíúil,
Is líontar dúinn a’ crúiscín is bíodh sé lán.

Oíche Fhéil’ Eoin bhíodh tine againn thuas ar Leac a’ Cháite
A’ píobaire ag seinm dúinn is sinn go haoibhinn sásta,
‘S le bodhránacht na maid’ne théadh gach strugán lena ghrá geal
Síos fá mhalaigh raithní nó go gcruinneodh siad a’ t-airneál.
Is líontar dúinn a’ crúiscín is bíodh sé lán.

Ár mbeannacht leis na laetha’ sin, nach mór a d’athraigh ‘n saol seo,
Níl grian an tSamhraidh ag taitneamh ann, níl gealach ann san oíche,
Níl ceol na n-éan le cluinstin ann, níl fidil ann, níl píob ann,
Níl ann ach blár fann folamh agus briseann sin mo chroíse
Is líontar dúinn an crúiscín is bíodh sé lán.

A bhuachaillí ‘s a chailíní ‘tá ‘nois ar bheagán buartha,
Ó déanaigí bhur ndícheall de, níl ann ach seal bhur gcuarta,
Nó tiocfaidh ‘n lá go tapaidh ‘s beidh sibh scartha ar an uaigneas,
A’ gol agus a’ mairgnigh fán chinniúint a fuair buaidh oraibh
Is líontar dúinn a’ crúiscín is bíodh sé lán.

Ach nuair a bhéas mé marbh déanaí’ m’fhaire i dtigh na beoraí,
Ólaigí’ gus ceolaigí go gcluinfidh mé bhur nglórthaí,
Ansin tugaí’ ‘na cille mé ‘gus déanaigí mo thórramh,
Agus baistigí le biotáilte mo chorp agus mo chónair
Is líontar dúinn a’ crúiscín is bíodh sé lán.