A Ógánaigh Óig – Corn Uí Riada 2018

Amhránaí

A Ógánaigh Óig

A ógánaigh óig dá siúlfá an ród liom
Ba deas do lóistín is do leabaigh luí
Bheadh fliúit is orgán ag seinm ceoil duit
A thógfadh an brón seo go léir ód’ chroí.
Ins na bóithre udaí bheinn leat i gcónaí
Dá dtabharfá móid dom nach mbeifeá claon
Is dá bhfaighinnse bás is mé sínte i gcomhnair
Le fáil do phóige sea bheinn slán arís.

Is cailín óg mé amuigh ar a’ fhásach
Ag gol go cráite ‘s ag sileadh deor
Tá leanbh óg ar bhac mo láimhe
‘S gan aon deoirín bán agam a bhéarfainn dó.
Dá mbeadh fhios agam féin nach raibh tú i ndán dom
Ní dhéanfainn dáimh nó comhrá leat
Is gur daingne a bhí mise i do ghrása
Ná mar bhíonn na tairní i gcruth na n-each.

‘S nár dhúirt tú liomsa, a Ghiolla na Ruaidhe,
Nach bhfaighfeá suaimhneas mura b’fhada an oíche
Go dtiocfá chugam le do chomhluadar
I ndiaidh do mháithrín a luascadh a luí?
‘S nár dhúirt tú liomsa go raibh do pháirt liom
Gur i mbun do láir a bhí do ghean ‘na luí
‘S go déarfá arís nuair a bhí sé ‘na lá againn
‘Sé mo chrá nár tharla sé ina oíche arís.

‘S dá mbeinnse eolach ar dhéanamh ceol binn
Ó thriallfainn leatsa amach san oích’
Go gleannta coille amuigh ar an uaigneas.
Agus cairde dílse bheith linn a choích’.
Ó bheifeása ‘ léamh is bheinnse ag foghlaim
A chroí bhig óig is a bhuachaill chóir
Ach ó thréig tú fhéin mé is brúite tá mé.
‘S beidh mé feasta fhad ’s bheas mé beo.