Ar a Ghabháil go Baile Atha Cliath Dom – Amhráin is Ansa Liom
Amhránaí
Ar a Ghabháil go Baile Átha Cliath Dom
Ar a ghabháil go Baile Áth Cliath domhsa an chéad lá den tseachtain
Tharla domhsa an spéirbhean a dtug mé spéis di agus taitneamh.
Is éard a d’fhiafraigh sí fríd ghlórthaí, “Ó is tú is deireanaí a d’fhág an baile
Ó is caidé mar atá do chéile, nó an féidir go maireann?”
Ó tá sí tinn tréithlag i bhfiabhras na leapan
Agus tá sí le trí ráithe ‘lorg leighis don chréachta.
Tá smúit ar mo chroísa is ní scaoilfear go héag é
Fhad ‘s bhéas drúcht in sna gleanntaí ná ceo ar na sléibhte.
Ná bíodh ortsa buaireamh má théann sí faoi thalamh
Gheobhaidh tú bean óg agus spré léi, dúiche saoil agus fearann
Gheobhaidh tú airgead in do phócaí agus ór buí le scaipeadh,
Gheobhaidh tú Máire an chúil ómra le bheith cóiriú do leabaidh.
A mhaighdean dheas bhéasach, ná hiarr a bheith mo mhealladh,
Tá muirín lag óg orm is ní shealbhaím a scaipeadh,
Má tá airgead in do phócaí agus ór buí le scaipeadh
Gabh is togh do rogha céile duit fhéin i do leabaidh.
Le Bríd na gcúl ómra nár labhair tú go ciúin liom
Scaoilfidh mé bos saghad leat, is ní fearr an ní duit fhéin é.
Tá dath na huaighe ‘gus na gréine orm, dath na gaoithe ‘gus na gealaí,
Mo chreach agus mo léan géar, bhí clann agam fhéin leat.
An tú Úna, nó an tú Áine, nó an tú an spéirbhean a chroith mo chroí.
Ná an tú an cailín barrúil spéiriúil a shiúil Éire liom i dtús an tsaoil?
Ní mé Úna, is ní mé Áine, is ní mé an spéirbhean a chroith do chroí
Ach ‘s mé an cailín barrúil spéiriúil a shiúil Éire leat i dtús do shaoil.