A Ógánaigh Óig – Corn Uí Riada 2019
Amhránaí
A Ógánaigh Óig
A ógánaigh óig dá siúlfá an ród liom
Ba deas do lóistín is do leaba luí
Bheadh fliúit is orgán ag seinm ceoil duit
A thógfadh an brón seo go léir ód’ chroí.
Ins na bóithre udaí bheinn leat i gcónaí
Dá dtabharfá móid dom nach mbeifeá claon
Is dá bhfaighinnse bás is mé sínte i gcomhnair
Le fáil do phóige sea bheinn slán arís.
Is cailín óg mé amuigh ar a’ fhásach
Ag gol go cráite ‘s ag sileadh deor
Tá leanbh óg ar bhac mo láimhe
‘S gan aon deoirín bán agam a bhéarfainn dó.
Dá mbeadh fhios agam féin nach raibh tú i ndán dom
Ní dhéanfainn dáimh nó comhrá leat
Is gur daingne a bhí mise i do ghrása
Ná mar bhíonn na tairní i gcruth na n-each.
‘S nár dhúirt tú liomsa, a Ghiolla na Ruaidhe,
Nach bhfaighfeá suaimhneas mura b’fhada an oíche
Is go dtiocfá chugam le do chomhluadar
I ndiaidh do mháithrín a luascadh a luí
Is nár dhúirt tú liomsa go raibh do pháirt liom
Is gur i mbun do láir a bhí do ghean ‘na luí?
Is go n-déarfá arís nuair a bhí sé ‘na lá againn
“Sé mo chrá nár tharla sé ina oíche arís”.
Is cá bhfuil a’ féirín a gheall tú inné dom
Mo ghúna gléasta ar dhath an óir
Mo hata gléasta ar dhath na sméara
Is cóiste gléasta dhul romham sa ród?
Ó gheall tú cúirt a chur i lár na dúiche dom
Ach cha raibh ansiúd ach mo dhonas mór
Tá mo chosa scriúta ar mhaide ‘n luastair
A’ sníomh a’ túirne gan a ‘ ruainne bróg.
Anois nuair atá tú ‘a mo thréighbheáil
Is nach bhfuil agam spré nó mórán maoin
Más í seo an scarúint go bhfuil mé réidh leat
Is diúltaím spéis a chur in aon fhear aríst.
Mo chroí go leontar má ghním go deo é
Go gcuirfear mo chónair sa talamh síos
Ag guí i gcónaí a Rí na Glóire
Mo pheacaí móra a thógáilt díom.
Ó rachaidh mé go moch amárach
Go cuan na mbád le héirí an lae
I ndúil go b’fheicinnse croí na páirte
A’ triall thar sáile le cuidiú Dé
Ó tá sé go cinnte gabháil á m’fhágáil
Is nach dtig aon athrach ar an scéal
Cá ndeachaidh d’ansacht, a Mhairéad Ní Chathasaigh
Le Ruairí atá sé is mé ag gol faoi léan.