Róisín Dubh – Corn Uí Riada 2023

Amhránaí

Téamaí

Róisín Dubh

Ó is a Róise ná bíodh brón ort faoinar éirigh dhuit
Tá na bráithre ‘teacht thar sáile ‘s iad ag triall ar muir,
Geofaidh tú  pardún ón bPápa ’s ón gcléir anoir
Is ní spáráilfar fíon Spáinneach ar mo Róisín Dubh.

Ó is a Róise mhín mhodhmhair ‘s na gciabhfholt dubh
Tar ag triall chun mo thórraimh más áil leat é
Beidh mo chonair-se tógáilte i lár an lae
Is gurb í do phóg-sa Dé Domhnaigh a bhásaigh mé.

Ó a Róise, dá mba liom thú ‘s nárbh aoibhinn duit
Is deas a chealgfainn do leanbhán dá mbeadh sé ag goil
Is in Albain dá gcasfaí sinn, inné nó inniu
Scéal cinnte, a ghrá, go bpillfeadh muid araon gan guth.

Nach aerach a théid sí chun aonaigh ina cóta cuilt
Is gan aici maoin shaolta nó bólacht cnoc
Gan aon gine déag a bhí faoin a cófra glais
Nach siúd an féirín le gur bhréagnaigh mé mo Róisín Dubh.

Orú mhearaigh tú mé, a bhradaigh, is nár ba fearrde duit
Is go bhfuil m’anam istigh i ngean ort ‘s chan inné nó inniu
Orú d’fhág tú lag anbhann mé i ngré is i ncruth
Ná feall orm ‘gus mé i ngean ort , a Róisín na Dubh.

Is tá réalt ins na spéirthí ar imeall an cheo
Is cha raibh á leithéid i nGleann Éidhinigh is ní bheidh go deo
Gaoth na hÉirne go dtugfhas léim leí cé gur mhór an sruth
Is mar gha gréine í ar mhalaidh shléibhe atá mo Róisín Dubh.

Is beidh an Éirne ina tuille tréana ‘gus réabfar na cnoic
‘S beidh an fharraige ina tonnaí dearga agus doirtfear fuil
Beidh gach gleann sléibhe ar fud Éirinn is na móinte ar crith
Lá éigin sula n-éagfaidh mo Róisín Dubh.