Contae Mhaigh Eo – Corn Uí Riada 2019

Téamaí

Contae Mhaigh Eo

Agus liostáil mé le sáirsint ag goil sráid an bhaile mhóir,
Is chuir sé sin thar sáile mé mar bhí mé go bocht óg;
Thug sé gine buí ins gach láimh liom is raidhfil le mé ghardáil
Ach dúirt mé leis go mb’fhearr liom a bheith in Éirinn go mór.

‘S ar an loing seo, a Phaidí Uí Loinsigh sea a dhéanann mise brón
Ag osnaíl ins an oíche ‘s go síoraí gol sa ló,
Ach anois ó dhalladh m’intinn, is mé a bheith i bhfad ó mo mhuintir,
Is má mhaireann mé is deas a chaoineoidh mé ar Chontae Mhaigh Eo.

Agus murach bás mo mháthairín ó bheinnse maith go leor
Bheadh an buidéal ins gach láimh liom is mé i gcomhluadar bean óg.
Ach ag síor-ól na gcártaí, is an dlí a bheith ró láidir
Santa Cruz a d’fhágfainn mo chnámha faoin bhfód.

Tá Cnoc na Ceathrún Caoile is iad siamsúil go leor
‘S tá coiligh is cearca fraoigh ann is iad go síoraí seinm cheoil
Tá sméara dubha ar chraobh ann is tá úllaí boga buí ann
‘S tá géimneach bó is laoi ann ag teacht go Féile Muire Mór.

‘S tá punt is fiche amuigh orm i gContae Mhaigh Eo
Is ní rachaidh mé á éileamh ann ó choíche ná go deo
Ar fhaitíos go mbéarfaidh thiar orm
Agus go gcrochfaí mar gheall ar fhiacha mé
Is go bhfáiscfí boltaí iarainn orm go bharr hiallachaí mo bhróg.

‘S go dtaga Cnoc na Cruaiche ar chuairt don Abhainn Mhór,
‘S go dtaga an toimín luachra ag buachailleacht na mbó;
Go dtaga Cnoc Bhinn Léibhe is go dtitfidh sí i Loch Éirne
Nó go dtaga sin ní fheicfear mé i gContae Mhaigh Eo.

Is a chomrádaí na dílse, táimse cloíte go mór.
Is dheamhain a b’fhéadfainnse cur síos dhuit ar an dhá thrian de mo bhrón;
Mar is tusa is túisce a chífeas, a maireann do mo mhuintir,
‘S tabhair mo bheannacht siad leat go Contae Mhaigh Eo.