Currachaí na Trá Báine – Corn Uí Riada 2012

Currachaí na Trá Báine

Mo mhíle slán leat a Éirinn bhocht, nár bhreá an rud é an t-earrach fhéin;
Níl caint ar obair bosannaí, ná rud ar bith mar é;
Seal ag tarraingt fheamainne, cur fhataí nó a’ baint fhéir.
‘S níl fear ar bith, dhá bhoichte, nach bhfuil feilm aige fhéin.

Is mo mhallacht do na currachaí ‘s mo bheannacht do na báid;
Is mo mhallacht do na currachaí atá thall in san Trá Bháin
Siad a bhain mo cheathrar deartháir díom a raibh an fheilm acu ann.
Ach is cuma leis an gCeallach é mar sé fhéin atá ina n-áit.

Is faraor géar nár cailleadh mé an lá ar baisteadh mé go hóg,
Nuair a fágadh i mo chadhain aonraic mé gan feithide an bhéal beo
Níl aon deartháir a’am ‘s níl aon deirfiúir a’am agus níl mo mháithrín beo;
Is tá m’athair fhéin lag goilliúnach ‘s a Chríost, nach ionadh dhó.

Is shoraidh dhíbhse, a dheartháireachaí, nach dtagann isteach i dtír;
Go gcaoineodh mná óg an bhaile sibh, bhur gcleamhnas ‘s bhur ngaol;
Is chuirfí cónraí gheal’ oraibh amach ó láimh an tsaoir;
Ní bheadh sibh dhá mboncáil idir carraigeacha ná dhá gcur ó mhaidhm go maidhm

Agus d’fhágadar an caladh amach ar maidin leis an lá.
Ó Dia linn agus Muire mar siad an triúr a chuaigh sa ngeall;
Níl aon bhlas dá ndeachaigh i nGaillimh inti nár tháinig don Trá Bháin;
Tháinig na maidí ar an duirling ‘s an churach ar an trá.

‘S báitheadh Seán ‘s Peadar orm, ‘s bhí cathú agam ina ndiaidh,
Ia báitheadh deartháirín eile ormsa, Máirtín fadó ariamh.
‘Sé Micil bocht ba mheasa liom dár bhfaca mé ariamh
Is mo mhallacht don tonn bháite, mar ‘sé a d’fhága mé ina ndiaidh.

Nach é an Ceallach a bhí náireach nuair nach labhródh sé le Bríd;
Mar chaith sí seacht seachtainí i stór na ragannaí
Níor chleachtas mhór é sin uirthi dhá mbeadh a muintir cruinn;
Mar bhíodh sí ag baint an charraigín ‘s á triomú leis an ngaoth.