Róisín Dubh – Corn Uí Riada 2016

Róisín Dubh

Is a Róisín ná bíodh brón ort faoinar éirigh dhuit
Tá do phardún le fáil agat ón Róimh uilig,
Tá mo dheartháirín ins an nGearmáin is a thriall thar muir
Is ná spáráil fíon Spáinneach ar mo Róisín Dubh.

‘S nach fada an réim a lig mé léithe ó inné go dtí inniu
Ag siúl sléibhte agus bánta is gan aon neach liom
Loch Éirne chaith mé de léim í cé gur mór é an sruth
‘S nach í an ga gréine í ar gach taobh dhíom í mo Róisín Dubh.

‘S dá mbeadh seisreach agam is deas mar a threabhfainn in aghaidh an chnoic
Thabharfainn seanmóir ar an altóir mar a hordaíodh dhíom
Loch Éirne chaith mé de léim í cé gur mór é an sruth
‘S nach í an ga gréine í ar gach taobh dhíom í mo Róisín Dubh.

Is a Róisín geal lúthmhar taobh thall den sruth
Is crios an phrionsa uirthi fáiscthe faoi lár a coim
Cúl gruaige is é ag scuabadh ‘na gleanntán fraoch
Is scaoiligí anonn í is damnóidh sí na hoird uilig.

Is nach siúlfainn ins an drúcht leat agus barr na gcnoc
Ag súil is go bhfaighinnse do rún uait nó páirt de do thoil.
Is a chraoibhín chumhra, is nach thú a dúirt liomsa, go raibh grá agat dhom
Is nach bhfuil m’anam gléigeal ligthe go léig a’am le mo Róisín Dubh.