An Casaideach Bán – Sean Nós

Téamaí

An Casaideach Bán

Thug mé an ruaig údan ó mhullach na Cruaiche
Is chugat anuas chun an tSléibhe Bháin
Ar thóraíocht mo chailín deas a d’fhág m’intinn buartha
Is rinne sí gual dubh de mo chroí ina lár
Is d’at mo ghuaillí ‘s shnóigh mo chluasa
Is fuair mé fógra glan géar ón mbás
Níl aon duine dár chuala mo scéal an uair sin
Nach ar dhúirt go mba thrua bocht é mo Casaideach Bán.

Ar cheann an staighre tá plúr gach maighdean
Sí siúd an mheidhreog an bhrollaigh bháin
Sé an trua nach liom í gan bó ná puntaí
Is í a bheith gan chuntas liom ar láimh
Ó dhéanfainn teach mór dhuit ar shiúl an bhóthairín
Is chuirfinnse cóistí faoi do cheann
Is a chúilín ómra dhá mblífeá bó dhom
I do cheangal Fómhair ní chuirfinn suim.

Is nach aisteach an réasún le gur chuir tú i gcéill dhom, 
‘S nach bhfásfadh an féar thríd an talamh aníos,
Is go ndéanfadh an ghealach solas d’Éirinn,
‘S nach lasfadh na réalta i dtús na hoíche,
Níl brí ná spreacadh i dteas na gréine,
Is nach snámhfadh na héisc ar  an mhuir gan braon,
Is dhá n-ardóidh na tuilte chomh hard leis na sléibhte
Is go deo ní thréigfidh mé grá mo chroí.

Is bhí mé seal ag foghlaim Béarla,
Is dúirt na cléir liom go mba mhaith í mo chaint,
An fhad úd eile gan unsa céille,
Ach ar nós na  héiníní atá faoi bharr na gcrann,
Amuigh san oíche gan foscadh ná dídean,
Is an sneachta dhá shíorchur ar íochtar gleann,
Is a chúilín donn deas, ar chaill mé mo chiall leat,
Is nar fhágha tú na grásta mura n-éalóidh liom.

Is bhí mé ag coláiste go dtí am mo bhearrtha
Is ar an ardscoil ar feadh chúig mbliain
Is fuair mé oideachas is comhairle ón Eaglais
Ach faraor cráite gur bhris mé thríd
Is rí-mhór é m’fhaitíos roimh Rí na nGrásta
Is nach bhfuil sé i ndán dhom go dtiocfad saor
Mar is mó mo pheaca ná leath Chruach Phádraig
Mar gheall ar an ngrá a thug mé d’iníon maoir.