Peigín Audley – Sean Nós

Téamaí

Peigín Audley

Is tá scéilín beag le n-aithris agam faoin mbaintreach Peigín Audley,
A bhfuil cónaí uirthi tigh Neachtain, tá sí thuas i mbarr an chnoic,
Agus chuala Toole as Maínis gur bean í ar theastaigh fear uaithi,
Agus bhreathnaigh sé ar maidin ann ag fiafraí an raibh sí istigh.

Agus séard a deir Máire Bhreathnaigh liom, ó siúd í ar an teallach í’,
Ag faire ort le seachtain is nach fada a bhí tú amuigh,
Ó, éirigh suas agus searr thú fhéin nó go siúlfaidh muid na garrantaí, 
Is go dtabharfaidh mé dhuit seanchas ar an áit a bhfuil tú ag goil.’

‘Más seanchas atá ag teastáil uait is gurb shin a thug as baile thú,
D’athraigh mé dul tharam nach bhfuil agat ach lao is bó,
Go bhfuil tú taobh le garraí talúna is mharfá an chearc bhacach dhom
Is anois ó d’airigh Seán Bheairtlín mé gur fear thú a bhí ag fáil dole.’

Ó muise pingin ariamh níor chaith mé dhi, tá chuile phingin i dtaisce agam
Bí thusa cinnte dearfa nach bhfuil mé ag déanamh aon bhréag
Ach faigh bád is téigh trasna liom is cur i dtír ar Aill na Crapaigh mé
Mar tá suas le seacht scóir sovereign a’m san office tí Khate Keane.

Ó muise nigh‘inn do shean léine dhuit is do bhricfeasta fháil réitithe dhuit
Mharóinn cearc agus lacha dhuit agus dá réir sin chuile shórt
Mar bh’fhearr dhuitse i rátha an earraigh mé le do chuid sciolláin a choinneál scartha uait
Nach pé ar bith ór is airgead a gheobhfá le bean óg.

Is dá mbronntaí Conamara orm dá mheáchan ór is airgead
Is dá gcóireodh tú mo leaba dhom ins an dá lá a bhéas mé beo
B’fhearr liom ins na ceannaíochaí ná bheith ag cruinniú do chuid ragannaí
Ná aon amharc a fháil sa leaba ort nuair a d’osclóinn mo dhá shúil.

Is an lá úd an lá ar ceanglaíodh muid bhí bainis ar feadh seachtain ‘againn
Bhí poitín ann i mbaraillí ag fear agus bean le n-ól
Ach cén mhaith a bheith ag déanamh seanchas faoin mbaintreach Pheigín Audley
Mar is sí a d’fhág na daoine leagtha lena bhfuaireadar don n-ól.