An Chéad Mháirt d’Fhómhar – Sean Nós na bhFear 2022

Amhránaí

Téamaí

An Chéad Mháirt d’Fhómhar

An chéad Mháirt d’Fhómhar ba bhrónach tuirseach mo scéal.
Lámh thapaidh a bhí cróga ag gabháil romham-sa go leabaidh na n-éag.
Ar Charraig na nDeor is dóigh gur chaill mé mo radharc,
‘S go dtéigh mé faoi fhód cha dtógaim m’aigne do dhiadh.

Tá do mháthair agus Niall faoi chian is fada leo an lá.
Tá osna ‘na gcliabh nach leigheasann dochtúir ná lia.
Cibé sholáthar mé riamh agus bíodh sé uilig cruinn i mo láimh,
Go dtabharfainn é uaim ach fuasclú – Paidí a bheith slán.

Tá do dheirfiúracha cráite de ghnáth is iad ag sileadh na súl
Agus gan fhios cé an lá go bráth a n-imeoidh a gcumha.
D’fhág tú d’aicme faoi smál is is nach náir liom mar rinne tú an siúl
Nuair nár agair tú Párthas le spás beag eile  thabhairt dúinn.

Ba charthannach fial thú riamh is ba sona do lámh
‘S go mbeifeá faoi chian mura riartha dá dtiocfadh in do dháil.
Ba deismir do chiall le gach aon de do mhuintir ar an tsráid
‘S cha mhairfeann mé bliain i mbuaireamh in d’easpa mar táim.

Ní fada mo shaoil ‘s mé ag déanamh mo ghearáin le cách,
Is ag amharc síos uaim fá bhruach a’ chladaigh gach lá;
Níl cuideachta ag aon mar bhíodh fá’n roinn seo de ghnáth,
Acht osna ‘na gcroidhe faraor is gan furtacht le fáil.

Mo mhallacht go buan ar bhruach a’ chladaigh seo thíos;
A d’fhág mé faoi ghruaim, ‘s rinne gual domhsa in aice mo chroí.
Is é do chur ins an uaigh, monuar, a d’fhág mise gan bhrí
Gan mhisneach, gan stuaim, ach mo thruaill bhocht ag imeacht le gaoith.