Gaoth Bearra na gCoilte – Sean Nós na bhFear 2022

Amhránaí

Téamaí

Gaoth Bearra na gCoillte

Tá gealach na gconnlach ag éirigh sa spéir
`S grian bhuí an fhómhair ag tomadh sa mhuir.
Tá na beach’óga ‘drandán faoin tsean-duilliúr donn.
Gaoth Bearra na gCoillte, s’ Gaoth Bearra na dTonn.

Tá na ba óga ‘geimní ‘nuas malaidh Chró Laoigh,
Na caoirigh ag meidhlí le druideadh na hoích’,
Tá gealgháir na srutháin fán screagach anonn.
Gaoth Bearra na gCoillte, s’ Gaoth Bearra na dTonn

Mo ghleanntán bheag dhílis, mo ghrá thú go deo.
Sean áras na Naomh ins na laeantha fadó.
Áit chónaigh mo dhaoine, a raibh rath ar a gclainn.
Gaoth Bearra na gCoillte, s’ Gaoth Bearra na dTonn

Cha ndéanfainnse margadh le Tiarna Mhaigh Eo.
Dá dtabharfadh sé caisleán ar mhalairt mo chró.
B’fhearr liomsa mo dhileacht gan dídean gan bonn.
‘Measc Gaoth Bearra na gCoillte, s’ Gaoth Bearra na dTonn.

Ins an tsrúth-uisce ceolmhar tá an brádan ag scéith
Agus thart fá na himill tá an laoigh óg a’ breith.
Tig na héanlaith na scaoth ann; an truideog `s an lon,
Mar tá dídean gan doichealt fá Ghaoth Bearra na dTonn

Taobh thart tá sliabh sneachta ag nochta a ceann
Nach aoibhinn a adharcas cruth leathan a bheann
Tá fallaing gheal airgid thart timpeall a broinn
‘S dealramh anuas ar Ghaoth Bearra na dTonn

Dá mhairfeadh na daoine faoi mar a mhaireann na sléibh
Ba shuailce mo  chuairtse ar Gaoth Bearra na gCraobh ,
Ach d’imigh ár sinsir a bhí dáimhiúil as broinn.
Tá an óig’ mar bheadh an aois fá Ghaoth Bearra na dTonn.

‘S guímse Pádraig ‘s Naomh Chonaill caol
Nach n-iarraim aon fhlaitheas  i ndeireadh mo shaoil
Ach m’anam bheith seoladh fá’n tsean droigheán donn
A fhásaigh faoi  chladaigh, a Gaoth Bearra na dTonn