Táimse In Arrears

Táimse In Arrears

Thugas-sa bliain ar an gcarraig
Is bliain eile ar an gcaiseal ina dheoidh
Is an bhliain sár ar fhágas an baile
Bhí próiseas is daichead im chóir

Táim in arrears, in arrears
Táim in arrears i dtigh an óil
Táim in arrears, in arrears
‘S is baolach ná díolfad go deo.

Siúd ort a mháthair mo chéile
Ná faca-sa ar aonach riamh fós
A chladhaire ná hól orm braon de
‘S nár fhág tú fiú an ghé ‘gam gan ól.

Táim in arrears, in arrears
Táim in arrears i dtigh an óil
Táim in arrears, in arrears
‘S is baolach ná díolfad go deo.

A chailleach thugais-se d’éitheach
Níor ólas do ghé ná do bhó
Is go deimhin de ná fhágfad an t aonach
Go n-ólfad sé an léine dod thóin.

Táim in arrears, in arrears
Táim in arrears i dtigh an óil
Táim in arrears, in arrears
‘S is baolach ná díolfad go deo.

Is duine gan gustal gan éifeacht
Gan súil le haon bhraon de go deo
A mhaífeadh ar mháthair a chéile
Go n-ólfadh sé an léine dá tóin.

Táim in arrears, in arrears
Táim in arrears i dtigh an óil
Táim in arrears, in arrears
‘S is baolach ná díolfad go deo.

Comhairle do fuaireas-sa féinig
Ó shean duine aerach go leor
Go mb’fhearra dom scilling chun éadaigh
Ná é fhágaint im dhéidh i dtigh an óil

Táim in arrears, in arrears
Táim in arrears i dtigh an óil
Táim in arrears, in arrears
‘S is baolach ná díolfad go deo.

Fiche bó bainne do bhéarfainn
‘S an tarbh ‘na dhéidh dom sa ród
Dá dtabharfá na móide ó d’ bhéal duit
Nach n-ólfá aon bhraon de go deo.

Táim in arrears, in arrears
Táim in arrears i dtigh an óil
Táim in arrears, in arrears
‘S is baolach ná díolfad go deo.

Míle bó bhainne dá mbéarfadh
Is an tarbh ‘na dhiaidh dom sa ród
‘S na móide dá dtabharfainn óm bhéal duit
Ní leomhfainn gan dul chun tigh an óil.

Táim in arrears, in arrears
Táim in arrears i dtigh an óil
Táim in arrears, in arrears
‘S is baolach ná díolfad go deo.

Tá banda den dríob ar do hata
‘S do charabhat scaoilte faoid sceoig
Do pheribhic bíonn ina choc reatha
‘S stracaithe bhíonn do chasóg.

Táim in arrears, in arrears
Táim in arrears i dtigh an óil
Táim in arrears, in arrears
‘S is baolach ná díolfad go deo.

Ceannóidh mé peiribhic púdair
Is gan dearmad búclaí dom bhróg
Hata trí gcoc go mbeidh stiúir air
Is m’aghaidh air anonn go tí ‘n óil.