Cuisle Mo Chroí – Sean Nós na bhFear 2017

Cuisle Mo Chroí

Do thugas grá cléibh duit a spéirbhean ó thús
Nuair a leagas mo shúil’ ar do bhán chnis
Is go m’fhearr liom ná mór chuid den ór atá im’ phúits
Go mbeifeá sa chlúid ag um mháithrín
Bheadh do mhachaí breá bó ann romhatsa le crú
Do leaba glan cóirithe ó ló dhuit id rúim
Chuirfinn búclaí id’ bhróga luach corónach is púnt
A stóirín dá dtabharfá do láimh dom.

Ní thabharfainn mo láimh duit go brách ar aon chúis
Mar tá scéal ort ansúd ag mo mháithrín
Go bhfuair sí do thuairisc go suarach ar dtúis
Go n-ólfá do thriús i dtí an tábhairne
Is gur mhinic scóir ort ó chóróin go dtí púnt
A’ caitheamh do stór ar mnáibh óga gan chlú
Is taréis díol le fear ceoil ní bheadh feorling id’ phuits.
Is an dóigh leat cé thabharfadh bean bhreá duit.

Ná creid-se na bréaga go léir atá ar siúl
Mar is annamh mo shiúl go dtí ‘n tábhairne
Tá airgead im’ phócaí ‘gus mór chuid im’ thrúnc
Is níor chaitheas riamh púnt ar aon láthair
Beidh a mhalairt de ghnó agam sa bhFómhar atá chugainn
Baint garraithe prátaí is a cur stácaí ar a mbonn
Is mo mhachaí atá lán de bhuaibh bána agus dubha
‘S gan éinne á gcrú ach mo mháithrín.

Tá fear siopa in Eochaill dúirt sí ‘s gheobhainn é le fonn
Is is dócha gurb é siúd ab’ fhearr liom
A dhíoladh as mo mháistreacht an ráithe seo chugainn
Is a Dhia aige siúd bheinn im’ scoláire.
Do thógas ar láimh í go lána a bhí cúng
Ba ghairid na dhéidh sin bhí daorphuins dá thabhairt
Dob fhearr í chun glaoite ná éinne sa rúm
Is do dhíol sí go h-umhal as a dtáinig.

Ar maidin amárach le héirí na drúcht’
Do scread sí ‘s do liúigh sí ar a máithirín
Do fhliuch a cuid éadaigh le braonacha súl
Is do mhóidigh go gcuirfinn chun fáin í.
Airiú dúirt-sa leí éisteacht is déanamh go ciúin
Go raghainn a díol eornan go hEochaill na long
Chuirfinn scataí breá caorach ar an aonach so chugainn
Is go bpósfainn í i Londain gan spleáchas.

Do ritheas an bóthar is an cóngar anonn
Is ní bhfuaireas in aon chúinne den tsráid é
Go dtánag go suarach fé thuairim a thí
Is bhí ionadh ar na daoine cá dtánag
Dá mhéid mo chuid saothair ní dúirt sé liom suí
Ná bain díot do chlóca go n-ólaim braon dí
Ach an sean duine stuacach ar fhuarma ‘na shuí
Is gan rúinne ina phíob’ ach é cnáideach.

‘Riú cár ‘ghaibh na stácaí bhí timpeall do thí
Nó cár ghaibh na caoirigh le n-áireamh
Nó cár ghaibh an eorna a bhí in Eochaill le díol
Nó cár ghaibh do bha ciardhubh is bána.
Ó bhíosa chomh baoth gur ghéilleas don shlí
Imeoidh an méid sin sa spéir leis an ngaoth
Ní phósfainn lem’ shaol thú, dá dtéinn ar an bhflít
Ach mairfidh mé choíche ar mo shnáthaid.