Abhainn an tSuláin – Sean Nós na bhFear 2015

A shuairc file chneasta de ghairm na hÉigse,
D’eascair den tréanfhuil i mBanba dháil.
Ó chúinne Pharnassus cé gur dheacair éileamh,
Gur raideadar saor duitse aiste na mBárd.
Ba shuairce liom geallaim ná cantaireacht téada,
Greasa dod shaothar nuair a ghlacaim im’ láimh,
Faoi thuairim do theastais, is do tharrach gan téagair,
Ar mhaithimh mo ghaolta is ar Abha an tSuláin.

Foinse na habhann ó mheasaim nach léir duit,
Seo agat gan bhréagnadh go beachtaithe óm’ láimh,
Go scaoileann do ghlaise ó Chumar na nÉaga,
Agus tuille dá réir sin ó Chúm Uí Chluamháin.
Ó thuaidh leat gan casadh tré mhullach na Ré
Mar a ndearcair sruth caol dubh ag bun na gclochán,
Is mar a luaigh na dTrí bPearsain do tharrac chun aondacht
Nuair a thagaid le chéile sin Abha an tSuláin.

Abha bhuí bheag an ghleanna go feargach fraochmhar,
Tagann gan staonadh go beannaibh na trá,
Sruth Oileán a’ Mhadra ‘gus Carraig Shinéide,
‘Gus srutha dá n-éagmais nach gcuirfinn im’ dhán,
Féach an Abha Garbh lá clagair go sraonmhar
Na heasaibh go gléigeal gan casadh ar a sáil,
Agus thíos ag Bun Leacan sea a chailleann sí a tréine,
Nuair a chaitheann sí géilleadh do Abha an tSuláin.

Is mín clúthmhar glasarach fairsingeach féarmhar
Na fearainn ar thaobhaibh na n-abhainn sa ráim,
Fá chrainn dhuille-ghlasa gan feacadh gan féige,
Le meas ar a ngéagaibh go gcrapaid ‘na mbarr,
Bíonn faoilinn ann, seabhaic, luin, creabhair ‘gus naoscaigh.
Sionnaigh ‘s méith-phoic ‘s lachain le fáil,
‘S gach linn de go barra bíonn torrach le héiscibh,
Leathan-bhric mhéithe ‘gus lathairt bhradán.

Ar uairibh na maidne dob aiteas leat éisteacht
Le ceathra ag géimridh go lachtmhar ar bán
Uain dhubha agus geala is an-chuid caorach
Agus capall mhear-éasca chun treabhadh nó ráis
Mórmhairt dá leagadh, mil bheacha ina chréithribh
Fairsinge ’s féile i n-aice gach tráth
Is níl ruathaire ón nDaingean go fearanaibh Déiseach
Ná tagann dár n-éileamh go hAbha an tSuláin.

Nuair a luaidhis linn ar mhaitheas an tearmainn naofa
Ba mhairg nár fhéachais do Chill bheag Áth Bán
Mar a ngluaiseann ann scata lucht martardha is éalaing
Dob eachtra lae agam dá mbreacainn a gcáil
Fear mór-croise fada, fear bata, fear péire,
Fear creatha, fear créime, agus fear ar leath láimh
Dar Móire ach ní mheasaim gur mealltar tar éis iad
Gheibhid lagadh ar a bpéinibh ag cealla an tSuláin.

Níl bua ar a macaibh, níl barra ar a dtréine
I meanma, i méin ‘ sí mbeartaibh is fearr,
Go suadh-ghlic, go haibidh i dteanga na Gaeilge,
I n-aitheascaibh saora ná facaigh a lán
Ar ruagaibh na ranna nó i gceapaireacht dréachta
Níor mheathlaigh an tréith sin ar an macraidh cháidh.
A’s am duaiseanna á scaipeadh ar Oireachtas Éireann
Níorbh annamh na séada so ag aicme an tSuláin.