An Chaora Ghlas

Téamaí

An Chaora Ghlas

Sé an trua é gan mise is mo chéad searc
Ar mhullach an tsléibhe thuas
Is gan neach ar bith beo inár ngaobhar
Ach an sneachta dhá shéideadh anuas
A dhá láimh a bheith i mbrollach mo léine
Is go deimhin níor bhaol dhi fuacht
‘S go dtabharfainn póg mhilis dhá béilín
A chuirfeadh na céadta chun suain.

Agus tháinig mé isteach ag mo mháithrín
Is mo bhalcaisí báite fliuch,
Ó, muise, a Mhicí na páirte cá raibh tusa ar snámh inniu?
“’S nach cuma sin dhuitse, a mháithrín
Ní bhaineann mo cás-sa dhuit,
Ó ‘s go ndeachaigh mé i gcontúirt mo bháite
Le Máirín taobh thall den tsruth.”

‘Gus déanfaidh mé cuilt de mo bhríste
A sheasfas le linn na bhfear,
Is ní bhainfidh mé an fhéasóg seo dhíomsa
Nó go bhfásfaidh sí míle ar fhad,
Imeoidh mé amach faoi na sléibhte
Chomh giobalach le caora ghlas,
Is mar a bhfaighidh mise bean ar an gcaoi sin
Ó, tréigfidh mé an tír ar fad.

Is nach trua mise ag tíocht go lá ‘Le Pádraig
Is mo theanga chomh bán le cailc
Is a liachtaí sin cailín deas álainn as seo go dtí Bun na nGealt
A thabharfadh dom póg is céad fáilte
Is a croitheadh liom láimh i gceart
Ach a stór os anois ag fáil bháis mé
‘S nach galra gan náire é an tart.

Deir mo mhuintir go bhfuil mé is tú pósta
Ach dar m’anamsa fós nach bhfuil
Is ar a bhfuil go leabhra i mo phócaí
Gur ag dradaireacht leo a bhím
Ach éirigh is cur ort do chuid éadaigh
‘Gus cóireoidh mé fhéin do chúl.
Is mara bhfaigheadh muid ár bpósadh in Éirinn
Ó beidh muid ag goil anonn.

Agus níl sé ach mí anois ó phós mé
‘Gus is faide liom lá ná bliain,
Around the world for sporting
Is faraor má phós mé riamh,
Ó, gealladh eallach is maoin dhom
Ach ní bhfuair mé ach lao agus bó,
Óra, cailleadh an lao sa ngeimhreadh
‘S an t-earrach dar gcionn an bhó.