Contae Mhaigh Eo – Sean Nós na mBan 2019

Contae Mhaigh Eo

‘S liostáil mé le sáirsint i goil sráid a’ bhaile mhóir,
Is chuir sé anonn thar sáile mé mar bhí mé go bocht óg;
Chuir sé gine buí ins chaon láimh liom ‘s raidhfil le mé ghardáil
Is dúirt sé liom mb’fhearr dhom é ná in Éirinn go mór.

‘S ar an loing seo, a Pheaid Uí Loingsigh sea a dhéanimse an dubhbróin
Ag osnaíl ins an oíche ‘gus síoraí gol sa ló,
Ach anois ó dalladh m’intinn, is mé i bhfad ó mo mhuintir,
Dar m’fhocal gur maith a chaoinimse i gContae Mhaigh Eo.

Is marach bás mo mháithrín bheinnse maith go leor
Bheadh buidéal ins chaon láimh liom ‘s mé i gcomhluadar banóg.
Marach síor-ól na gcárta, is an dlí a bheith ró-láidir
Ní Santa Cruz a d’fhágfaidh mo chnámha faoin bhfód.

Tá punt is fiche amuigh orm i gContae Mhaigh Eo
Is ní rachaidh mé dhá éileamh ann choíchin ná go deo
Ar fhaitíos go mbéarfaidh thiar orm ‘s go gcrochfaí i ngeall ar fhiacha mé
‘S go bhfáiscfí boltaí iarainn orm go barriallachaí mo bhróg.

Tá ba ‘gus caoire bána ag mo mhuintir-sa i Maigh Eo
‘Gus mise anseo faraor faoi leatrom is faoi bhrón
Nach iomaí buachaill múinte ‘gus cailín socair stuama
Bheadh agam le mé a chaoineadh i gContae Mhaigh Eo.

Is a chomrádaí na dílse, táim cloíte go mór,
Is dá b’fhéadfainn is duitse a d’inseoinn dhá thrian do mo bhrón;
Nach iomaí buachaill múinte ‘gus cailín socair stuama
Ó tabhair mo bheannacht siar leat go Contae Mhaigh Eo.