An Gabha Ceártan – Sean Nós na mBan 2015

Agus chaith mé bliain ‘s ráithe
I mo ghabha ceártan i gCúige Laighean,
‘S tuairisc mo ghrá ní bhfuair mé
Nó go dtáinig mé ar m’ais aríst,
Tá an saol seo ar fad cráite
‘S ní áirím mo mhuintir fhéin,
Is ar an gcnoc úd thall tá m’áras
Is ar an bPápa ní cheilfead é.

Agus is soir atá mo tharraingt
Is nach fada uaimse grá mo chléibh.
Is a ghile an chúilín phéacaigh
‘Do dhiaidhsa ní mhairfead mí.
Mar tharraing tú milleán mór orm
Is a stóirín, níor mhaith leat é,
‘Gus naoi n-uaire a b’fhearr liom pósta leat
Go mór-mór ná bheith i bhflaithis Dé.

Agus tuige nach dtagann tú a ghrá geal
Is mé fháil uaidh mo mhuintir fhéin?
Is tuige nach dtagann tú lá éicint
Is mé fháil uathu uilig go léir,
Mara mbeidís sásta leis an gcás sin
Is é a fheiceáil réidh,
Ó, déanaidh cónra chláir dhom
Is fágaidh mé go domhain i gcré.

Is diomú Rí na hAoine
Don té a dhíbir mo ghrá i bhfad uaim,
Mar ní fhéadfaidh mé ‘ghoil ina gaobhar
Dé hAoine nó go moch Dé Luain.
Dhá mbeadh sé ina stoirm thintrí
‘Gus an oíche i cur sheaca aduaidh,
‘S le mo ghrá dhá bhfaighinn cead síneadh
Bheinn chomh haoibhinn leis an eala ar chuan.

Is marach m’intinn dána
Gheobhainn áras ó mo mhuintir fhéin,
Ba ‘gus caoirigh bána
‘Gus páirceanna lena gcur chun féir,
Codladh fada Samhraidh ‘gus cead greann a chaitheadh léi
Ach b’fhearr liom ar na tamhnachaí
Ag baint seamsógaí le stór mo chléibh.

Agus an gcualaís nó an bhfuairís
Scéal cráite anuas le mí,
Thart thrí oileán uaigneach
Nó anuas arís thrí thaltaí fraoigh.
Ní raibh suim ar bith i do ghlór a’am
Ach dólás mór gur ag magadh a bhís
Ach tá mé óg go leor fós
‘S beidh cead spóirt am’sa i mbaile éicint.