An Cailín Deas Rua – Sean Nós na bhFear 2013

Amhránaí

Ar m’aisling ‘dom fhéin aréir ‘s mé ‘m leaba trím shuan;
Go rabhas dul ‘om phósadh lem stór chroí go h-intinneach suairc,
Bhí rince gus ceol go leor dá spreagadh lem chluais,
Agus céad giní óir ar an mbord lem Chailín Deas Rua.

‘Sé Tiobraid Árann a dh’fhágas ar maidin Dé Luain;
Níor stadas den stair sin go dtáingheas do’n Daingean ar cuairt,
Cé a gheobhainn os cionn cláir ach mo ghrá geal ‘is í ag imirt ar scuab,
‘S ar iompó an mháimh bhí an cíonádh ag an gCailín Deas Rua.

Siúd ort, a Sheáin, ní fhágfam an baile go luath
‘S go bhfuil mo chroí cráite gan aon fháil ‘gam ar toddy ná a luach,
Sé a deir na mná liom go mb’fhearr leo mé marbh san uaigh,
Mara dtréigfead an clár, an cáirt ‘s an Cailín Deas Rua.

Bhuel ní thréigfead an clár, an cárt ná an cnagaire cruaidh.
Ní thréigfead, ná Máire an bhean mhánla, sí ainnir na gcuach.
Ar aonach a’ Mhárta thugas grá agus taitneamh dá grua,
‘S a rún cheart mo chléibh ná tréig mé mar gheall ar na buaibh.

Léan ar na buaibh, is buartha a dh’fhágann siad mná,
Bíonn braon ar a ngrua ó Luan go dtí maidin Dé Máirt,
A liacht cailín ciúin stuama nár dhual dóibh imeacht chun fáin
Agus leibidí luaithe ag fáil buacais a’s gradaim ‘na n-áit.

Do chonacas inné in éadach siopa i bhfad uaim;
Ba bhreá í ná Vénus an spéirbhean, sí ainnir na gcuach
Níl aon gheallúint sa tsaol ón spéir go dtí ‘n talamh anuas
Nár thug sí dhom fhéin agus tar éis sin d’imigh sí uaim.

Níl aon tslat ins an gcoill ná fuil snaidhm ina bun nó ina barr;
Níl aon bhreac ins an linn ná h-éiríonn ar bharr uisce ag snámh;
Níl aon Sagart sa ríocht ná h-éiríonn chun Aifrinn a rá
Ach ó dh’imigh sí uaim, is mór ná go n-airím an lá.