Chuaigh an Dá Sheán – Sean Nós

Amhránaí

Téamaí

Chuaigh an Dá Sheán

Chuaigh an dá Sheán is mo Sheánsa dtí’n aonach,
Dh’adhnadar an spairne is ba dheacair iad do réiteach.
Bhriseadar a gcinn agus plaoisc a chéile,
Is gurb’ í  bean an tábhairne do chosain mo phláitín féineach.

Is faigheam arís an crúiscín is bíodh sé lán;
Faighim arís an crúiscín sláinte geal mo mhúirnín,
Is cuma liom do chúilín dubh nó bán.

Do chuireas-sa mo bheansa dtí Caiseal ag díol úlla,
An dá dhiabhal leath-phingin níor thug sé abhaile chughamsa!
Nach mise an trua-Mhuire ag siúl na dtuatha
Ag lorg an tsean-sciobaire is an baile ró-chúng di.

Is faigheam arís an crúiscín is bíodh sé lán;
Faighim arís an crúiscín sláinte geal mo mhúirnín,
Is cuma liom do chúilín dubh nó bán.

Nár gheibhimse bás agus nár fhága mé an saol seo
Go bhfeice mé na Sasanaigh ag stealladh na déirce
Rámhainní ar a nguallaí is iad ag tuilleamh na réaltaí
Seanabhróga briste orthu mar atá ar Chlanna Gael bhocht.

Is faigheam arís an crúiscín is bíodh sé lán;
Faighim arís an crúiscín sláinte geal mo mhúirnín,
Is cuma liom do chúilín dubh nó bán.

Nuair a gheobhadsa bás, fágfadsa im’ uacht mé
Do chuir i dtig an tábhairne nó ag doras tí na cuaiche
Mar a n-aireod na cáranna is na cnagairí á mbualadh
Is gur binne liom a gceol siúd ná ceol binn na cuaiche

Is faigheam arís an crúiscín is bíodh sé lán;
Faighim arís an crúiscín sláinte geal mo mhúirnín,
Is cuma liom do chúilín dubh nó bán.

Fágaimse mo bheannachtsa ag muintir ag tí seo,
De réir mar atá siad, óg nó críonna,
Mar ná bheinnse cortha de’n gcuideachta choíche
Go bhfásfaidh an cuileann trí bharr an tsean thí seo.

Is faigheam arís an crúiscín is bíodh sé lán;
Faighim arís an crúiscín sláinte geal mo mhúirnín,
Is cuma liom do chúilín dubh nó bán.
‘Gus faigheam arís an crúiscín is bíodh sé lán.