Pilib Séimh Ó Fathaigh – Corn Uí Riada 2012

Amhránaí

Pilib Séimh Ó Fathaigh-Corn Uí Riada 2012

Aréir ‘s mé ag machnamh ar mhaoilinn an leasa
Cé chífinn chugham ag tarraingt ach an tsíbhruinneall óg,
A raibh brat cumha léi go talamh, a cuacha gan ceangal,
A géaga léi ar leathadh is í ag síorshileadh deor;
Dh’fhiosraíos féin den ainnir cén tír dhi nó a hainm,
‘An tú síbhean na Craige, Ríon Airt nó Mór,
An tú Áine Chaomh Nic Gearailt gaol dlúth ár gcarad
Atá ag teacht ag éileamh an mharcaigh go dtí Buíchnoc na sló?’

Siúd taobh liom an ainnir, scéimh a crobh mar an eala,
Réalthan gan ghangaid do b’áille ar bith snó,
‘A shéimhfhir, a labhair, ag géarghol ‘s ag caismirt,
‘Réifidh mé do gheasa agus siúlaimid go fóill;
Mise Áine Chaomh Nic Gearailt ó Dhún Aolbhrú na Seabhac
A bhfuil tréanfhuil ag caismirt go dianmhar i mo dheoidh,
Táim céasta le sealad ó bheith ag éileamh bhur marbh
‘S gurb é Pilib Séimh Ó Fathaigh fáth mo dhubhrón.’

‘Mo léan ‘s mo thuirse, an tréanfhear gan fuinneamh,
Atá daorsnoite i dtinneas, i ríochtaibh dúbhróin,
Nó an féidir go gcuirfeadh an séithleach ort an imirt
Glaofad feasta ar Mhuire is ar Mhaighdean na hÓighe;
Beidh do chéile is do leanbh a’ síorghol go connail
‘Od éileamh, a Philib, is tú sínte gan treoir,
‘S má théann ort an imirt, déan liom ionad coinne,
Is raghad i d’ fhéachaint Lá Fhéile Muire go dtí an mBuíchnoc ar neoin.’

Is méin liomsa feasta ar do ghaolta-sa labhairt
A shéimhfhir gan ghangaid, a shíolraigh ón bpór
Gréagaigh is Craithigh, is na Paoraigh ab’ fhearra
Lucht éigse do labhairt, lucht saighead agus treoir
Níl aon díobh ’na mbeathaigh a shéidheadh ár ngeasa
Glaoidhte as diaidh t’ainm sa tír úd id’ dheoidh
Ó shéanais do charaid ag dul faoi bhéil lice i nglasaibh
Mar do chuaigh Phoebus fá scamall san tír úd fé bhrón.