Amhrán na Trá Báine – Corn Uí Riada 2018

Téamaí

Amhrán na Trá Báine

‘Gus faraor géar nár cailleadh mé an lá ar baisteadh mé go hóg
Ach fágadh mo chadhain aontraic mé gan feithide a’ bhéil beo
Níl deartháir a’m is níl deirfiúr agam ‘s níl mo mháithrín beo
Tá mo dheaide bocht lag aosta ’s a Chríost cén t-iontas dhó?

Is a’ cuimhneach libhse a chailíní an lá ar fhág mé an Trá Bháin
Ní bhfuair mé an té a chuir comhairle orm ná a dúirt liom fanacht ann
Céad glóire go Dhia tá an tsláinte ag’m is carad ó rí na ngrást
Is cibé áit dhá rachaidh mé ní chasadh mé go brách.

Is mo bheannacht leis an teach údan inar chaith mé seal don tsaol
Mo bheannacht le mo chuid dheartháireachaí  bhíodh ann ag déanamh grinn
Muise a Dhia nach bocht an cás agam é is gan fáil agam iad fháil choichín
Is nach shin a fhágann buartha mé is an ghruaig ag titim dhíom.

‘S mo dhiomú go na curachaí ‘s mo mhallacht go na báid;
Mo dhiomú ghéar don fharraige atá siar leis a’ Trá Bháin
Nár shíl mé dhá mbáití céad fear go dtiocfadh go Mhicil slán
Ach a dheartháireachaí breá nár chuimhnigh sibh a thíocht isteach sa snámh.

Agus d’fhága sibh an caladh amach ar maidin leis an lá,
Óra Dia linn agus Muire, sibh an triúr a chuaigh sa ngábh,
Níl blas ar bith dhár cheannaigh sibh nach dtáinig don Trá Bháin,
Tháinig na maidí ar a’ duirling is an churach ar an trá.

Is shoraidh dhaoibhse a dheartháireachaí nach dtiocfadh isteach i dtír,
Nach gcuirfidh cónra chláir oraibh amach ó láimh an tsaoir,
Chaoinfeadh mná óga an bhaile sibh, i gcleamhnas ‘s i ngaol
Ach is mise an bhean a chaill sibh ’s a bheas cráite lena saol.

Is go bhfóire Dia ar na dílleachtaí a d’fhága sibh le fán
Nach mairg a cheapadh tamall díbh, sibh scaipí anonn ná anall
Dá gcuirfinnse sa reilig sibh ní chuirfinn ann le cás
Ach á dtruncáil idir maidhmeannaí ‘s dhá gcur ó aill go h-aill.

‘S nach dona an rud a chaill mé libh a dheartháireacha óg mo chroí
Sibh a’ ghoil go Gaillimh i gcuraichín ‘s dá gcur ó mhaidhm go maidhm
Dhá bhfanainnse sa mbaile agaibh is an geall a bhain sibh dhíom
Go deo ní ghabhfadh clár oraibh nó go bhfaigheadh muid malairt saoir.

‘S tá cumha i ndiaidh Pheaits ‘s Tom agam is cathú mór ina ndiaidh
Mo dheartháir eile Máirtín a báthadh fadó riamh
Ba é Micil Bán ba mheasa liom dhá bhfaca mé beo riamh
Mo dhiomú-sa don toinn bháite sí a d’fhága mé ina ndiaidh.

‘S nuair a bhí teach agamsa, céad faraor níor fhan mé ann
Ach anois tá sé imithe uaim is gan blas agam le fáil
An fear a choinneodh ceart dhom ann, céad faraor fuair sé bás
Ach a dheartháireacha ó mo bheannacht libh, sé a gcliamhain atá ina n-áit.

Is go bhfóire Dia ar mo dheirfiúr bhocht atá thall in sa Trá Bháin
‘Ag breathnú ar an bhfeilm is ar an áit a mbíodh muid ann
Bhí fairsinge mhór don talamh againn ’s neart againn le cuir ann
Ach is cuma leis an gCeallach é sé fhéin atá ina n-áit.