Sail Óg Rua – Sean Nós na mBan 2013

Téamaí

Nach mise an trua Mhuire goil ar Charraigín an Fhásaigh,
Ag gol is i gárthaíl is ag déanamh bróin
Ag oiliúint mo leanbh ar bhacán mo láimhe,
Is gan fiú an braon bainne agam a thabharfainn dhó.

Níl mé ach tréith-lag, níl aon mhaith dhá shéanadh
Níl mé ar aon chor ach mar an ceo
Tá fuil mo chroí istigh dhá silt ‘na braonta
‘Gus a Dhia, cén t-ionadh i ndiaidh mo Shail Óg Rua.

In aois a sé déag ‘sea fuair mé fhéin í,
‘S nár dheas an féirín í ag fear le fáil.
A bráid ba gile ná an sneachta ar thaobh cnoic
Is ba gheall le réalt í ar mhaidin bhreá.

B’fhearr liom go mór mór i mo dhiaidh sa ród í
Ag bleán mo bhó dhom nó i mbun mo thí
Ná saibhreas Sheoirse is é fháil le stróinse
‘S gur faoin bhfód a chuir mé stór mo chroí.

Tá fhios ag na daoine gur buartha a bhímse
San am a smaoiním ar mo Shail Óg Rua
A bhíodh in éindí liom ar feadh na hoíche
‘Gus comhrá ciúin againn nó go n-éiríodh lá.

Mo ghrá do bhéilín nár chum na bréaga
Do mhéin dhá réir sin nach raibh ag bean le fáil
Do dhá chíoch gheala le do leanbh a bhréagadh
Ach a stór níor fhéad mé thú a leigheas ón mbás.