An Gamhain Geal Bán – Corn Uí Riada 2016
Amhránaí
Ar maidin Dé Luain is mé a’ machnamh
‘S mé ag imeacht ar m’ábhar fhéin,
Ar bruach Toinne móire ‘sea dhearcas 
An ainnir dob áille scéimh.
Anuas díom gur fhuadaigh mo hata 
‘Gus d’umhlaíos do bháb na gcraobh,
Sé dúirt sí, “Fhir mhóir, ná bí id’ sheasamh, 
Suigh farainn go dtráigh a’ saol.”
‘S a Sheáinín mo ghrá ghil is a chumainn, 
A dhuine suigh síos go lá.
Tá an bháisteach ró-ard ar na cnocaibh 
Agus tuile sna haibhní lán.
Níor chás díbh a lán acu d’fheiscint 
Ba dheise ná í de mhnáibh,
An stuaire úd do bhuail sí im’ choinnibh
Ar a dtugaid an gamhain geal bán.
‘S nach aoibhinn iad Ínseach an Mhuilinn 
Mar a gcastar an fia gach Samhain, 
Mar a bhfásann a’ bláth ar gach duilleann
Mar a doirtear gach bliain an gamhain.
Bíonn ceol binn ag róntaibh cois imill 
Agus binneas breá ag éin ar chrann 
Céirbheach i gcréithribh a’ sileadh
Agus iomarca éisc ar abhainn.
‘S is bog dualach a gruaig cinn léi a’ titim
Go truipeallach fionn cas breá
Ó, bhuaileann sé a guaille go truithibh
Is sroicheann sé an drúcht den bán
A cúimín ba néata, ba ghile,
Dá dtugas d’aon mhnaoi riamh grá
Agus d’éalaigh sí uaimse thar tonnaibh
‘Sí bruinneall na gciamh-fholt bán.
‘S dá mbeinnse i mBeanntraí an fhiolair,
I gCill Chainnigh nó thall sa Spáinn,
‘S gan éinne beo in Éirinn im’ ghoire 
Ach an ainnir sa bhfraoch go lá.
A caol-mhala néata ba ghlinne
Ba ghile í ná an drúcht ar bhán
‘Gus gur liomsa ‘gus léise nár mhiste 
Dhá mbeadh tuilleadh ‘gus bliain sa lá.
Do ghluaiseas ar thuairisc na bruinnille, 
Ba bhinne is dob aeraí cáil,
Ó Thuama go bruach Loch an Doire 
Is ó Inis go Sliabh don stair,
Im’ chuairdibh cé gur mhór iad mo shlite
Níor thuigeas go raibh aon bhean bhreá,
Go dtí stuaire na gruaige breá finne 
Ar a dtugaid an gamhain geal bán.