An Gamhain Geal Bán – Sean nós na mban 2014

Ar maidin Dé Luain is mé a’ machnamh
‘S mé ag imeacht ar m’ábhar fhéin,
Ar bruach Toinne móire ‘sea dhearcas
An ainnir dob áille scéimh.
Anuas díom gur thógas mo hata
‘S gur umhlaíos do bháb na gcraobh,
Sé dúirt sí, “Fhir mhóir, ná bí id’ sheasamh,
Suí farainn go dtráigh a’ saol.”

Is a Sheáinín mo ghrá ghil is a chumainn,
A dhuine suigh síos go lá.
Tá an bháisteach ró-ard ar na cnocaibh
Agus tuile sna haibhní lán.
Níor chás díbh a lán acu d’fheiscint
Ba dheise ná í de mhnáibh,
An stuaire úd do chuaigh sí im’ choinnibh
Ar a dtugaid an gamhain geal bán.

‘S nach aoibhinn iad Ínseach an Mhuilinn
Mar a gcastar an fia gach Samhain,
Mar a bhfásann a’ bláth ar gach duilleann
‘S mar a ndoirtear gach bliain an gamhain.
Bíonn ceol binn ag róntaibh cois imill
‘Gus binneas breá éan ar chrann
Is céirbheach i gcréithribh a’ sileadh
Agus iomarca éisc ar abhainn.

‘S is bog dualach a gruaig cinn léi a’ titim
Go truipeallach fionn cas breá
Ó, bhuaileann sé a guaille go truithibh
Is sroicheann sé an drúcht den bhán
A cúimín ba néata, ba ghile,
Dá dtugas d’aon mhnaoi riamh grá
‘S d’éalaigh sí liúm-sa thar tonnaibh
‘Sí bruinneall na gciamh-fholt bán.

‘S dá mbeinnse i mBeanntraí an fhiolair,
I gCill Chainnigh nó thall sa Spáinn,
‘S gan éinne beo in Éirinn im’ ghoire
Ach an ainnir sa bhfraoch go lá.
A caol-mhala néata ba ghlinne
Ba ghile ná an drúcht ar bhán
Agus gur liomsa agus léise nár mhiste
Dhá mbeadh tuilleadh agus bliain sa lá.

Do ghluaiseas ar thuairisc an bhruinnille,
Ba bhinne is dob aeraí cáil,
Ó Thuama go bruach Loch an Doire
Is ó Inis go Sliabh don stair,
Im’ chuairdibh cé gur mhór iad mo shlite
Níor thuigeas go raibh aon bhean bhreá,
Go dtí stuaire na gruaige breá finne
Ar a dtugaid an gamhain geal bán.