Maidin Luan Cásca – Corn Uí Riada 2016

Téamaí

Maidin Luan Cásca

Maidin Luan Cásca tríd an mBlárnan soir
Mo chéad slán beo anois lem’ dhúthaigh,
Cá bhfios ná go mb’fhearr a bheadh a’ cás againn
Ná ag a lán a bheadh linn mar ghiúl air?
Ba mhinic mo lámh id’ bhán-chrobh ghil,
‘S do shláinte i ndígh go ndiúgfainn,
Is go bhfeiceadh buan bláfar tú i gcáil ‘s i gcion,
Cé gur fháguis anois go dubhach mé.

Is minic a deirim féin le créachta ‘gus le sult,
Go mbeidh a’ saol againn go súgach,
I rúmannaibh aolmhara a’ déanamh féile i dtigh
‘S cead saor againn ón gciúin-fhear.
Do bheacha dhá n-aoireacht lá gréine amuigh,
Is mé féinig istigh i lionndubh,
Dá mairfinn le saol ní dhéanfainn sin
Is go deimhin is tú mo rúnach.

An té a chífeadh a’ sár-fhear i lár a’ ghoirt,
Is a chorrán ar a chuislinn phlúraigh,
Is bog ‘s is breá do ghearrfadh ucht
Is bheadh an barr aige ón gcúigear.
I ndiaidh a sheisreach lárach ba bhreá é a ghuth
Is do thiomáineadh san chun siúil iad,
I dtithibh a’ tábhairne díol phláta ghil –
“Tuispeántar puins is lionn dom!”

An té a chífeadh a’ t-óigfhear gleoite deas
Is a bhróigín smeartha néata,
A chasóg nua is dar ndóigh a bheist,
I gcóir is i gceart a bhí a bhéavar!
‘S mó cailín óg gleoite deas
Atá go breoite lag tar-théise
Is dá mbeadh aici ór go leor agus ba,
Dob’í rún agus searc a chléibh’ í.

Dá bhfaighinn-se péapar néata deas
Is cead scrí go mion le barr pinn,
Do chuirfinn-se síos daoibh gníomhartha an fhir,
Agus is domhsa féin nár chás san.
‘Na sheasamh ar an inse chun ríl nó jig,
Is ní fearr ná mar imreodh báire,
An damhas bruinneall sa ríocht a chífeadh a chlis
Óna croí ná go dtabharfadh grá dhó.

Tá mo shúil-se go dian leis a’ dTiarna anois
‘Na dhiaidh so go mbeidh againn saol maith,
‘S cead riar agus fuinidh go fial id’ chistin,
Is ‘na dhiaidh san do linbh á mbréagadh.
Do bha boga ar shliabh nó in íochtar coille,
A’ triall ag duine dá n-aoireacht,
Agus buillí trom’ dian mar chiach ar do chuiginn,
Is cead riaraibh againn ón gCaolfhear.