Trucail Pheige Bhreátha – Corn Uí Riada 2010

Téamaí

Trucail Pheige Bhreátha

Ar maidin dom go deigh-mhoch `s mé ag eirí as mo leabaigh dhom,
Bhí Maidhc an t-engine driver is Tadhg istigh sa tseana-chairt.
Bhí fíon is puins á roinnt ann ag déanamh an mhargaidh
‘S an cailín óg ní bhfaigheadh sé go ndíolfadh aisti an t-airgead
Is trucail Pheige Bhreátha, nach álainn mar a chnagann sí.

Nuair a tháinig Tadhg suas láithreach is ceann an charra cnagaithe
‘Sé Maidhc a thit i bhfanntais le scanradh is le hanaithe;
‘Sé dúirt an cailín óg seo go dtoghfadh sí thar fearaibh é
Is go ndéanfadh buachaill córach de is go ramhródh sí sa leabaidh é
Is trucail Pheige Bhreátha, tar láithreach agus ceartaigh í

Is a Aindí, gheobhairse Joan uaim is córa mhaith chun leapan léi,
An chuilt atá sa chóthrainn is gach orlach di siúd breacaithe.
Seinnse suas a ceol dúinn, beidh cóthalán mór feasta againn,
Tá an traein ag gabhailt an bhóthair chun ár ndóthain bídh do tharrac chugainn,
Is trucail Pheige Bhreátha, nach álainn mar a chnagann sí.

Is a Jerry, gheobhairse Meaig uaim is lán chuid den airgead,
gheobhair agus an chráin go mbeidh a hál ar an margadh
Cuirse chughat tigh tábhaime, scadáin bhreátha i mbairille
Is baileoidh chughat lucht cártaí `gus fáidhí ná habraim
Is trucail Pheige Bhreátha, nach álainn mar a chnagann sí.

Sé an Maidhc sin Dhomhnaill Ghruama
Do rug an bua thar fearaibh leis,
Is ait an spré do fuair sé, le bean uasal seana-chairt.
Do ruadh dinnéar mór dóibh thuas i mbarr an bhaile,
`Gus `sé Kingston a chaithfidh gluaiseacht
is a leabhar aige ar a bhaclainn,
Is trucail Pheige Bhreátha, nach álainn mar a chnagann sí.