Ceol an Phíobaire – Sean Nós

Ceol an Phíobaire

Má phósann tú an siostalóir is tú bhéas a’ caoineadh, a mhuirnín dílis is a fhaoilinn ó,
Ó beidh tú do thachtadh ag barrach na tíre, a mhuirnín dílis is a fhaoilinn ó,
Ó beidh tú i do shuí go mbeidh sé an meán oíche, a’ síor dhódh na gcoinneall is a sciobadh an lín dó
‘S ba mhíle b’fhearr duit mise agat is ceol binn mo phíbe, a mhuirnín dílis is a aoileann ó.

Má phósann tú an fíodóir is tú bhéas a’ caoineadh, a mhuirnín dílis is a fhaoilinn ó,
Beidh céad lug lag ag an uaim a scaoileadh, a mhuirnín dílis is a fhaoilinn ó,
Ó beidh tú i do shuí go mbeidh sé an meán oíche, a’ síor dhódh na gcoinneall is a’ crónán fán inneadh,
‘S ba mhíle b’fhearr duit mise agat is ceol binn mo phíbe, a mhuirnín dílis is a fhaoilinn ó.

Má phósann tú an táilliúr is tú bhéas a’ caoineadh, a mhuirnín dílis is a fhaoilinn ó,
Beidh sop i mbéal a’ dorais mar bheadh madadh ar charn aoiligh, a mhuirnín dílis is a fhaoilinn ó,
Ó beidh tú i do shuí go mbeidh sé an meán oíche, a’ síor dhódh na gcoinneall is a’ creimneál na bpíosaí
‘S ba mhíle b’fhearr duit mise agat is ceol binn mo phíbe, a mhuirnín dílis is a fhaoilinn ó.

Má phósann tú an t-oibrí, is tú bhéas fá aoibhneas, a mhuirnín dílis is a fhaoilinn ó,
Gheobhaidh tú marcaíocht chun na n-aontach, a mhuirnín dílis is a fhaoilinn ó,
Ní bheidh tú i do shuí go mbeidh sé an meán oíche, beidh airgead ‘do phócaí agus ór buí na phíosaí,
Is ba mhíle b’fhearr duit mise agat is ceol binn mo phíbe, a mhuirnín dílis is a fhaoilinn ó.